Reachlainn
Is oileán é Reachlainn[1] (Rathlin), atá suite deich gciliméadar ó chósta thuaidh Chontae Aontroma, Tuaisceart Éireann. Is é Reachlainn an áit is tuaisceartaí i dTuaisceart Éireann. Tá cuma L ar an oileán - tá achar 7 gcimiléadar ón gcósta thoir go dtí an cósta thiar agus achar 4 chiliméadar ón gcósta thuaidh go dtí an cósta theas.
(ga) Reachlainn | ||||
Cineál | Oileán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | na hOileáin Cheilteacha | |||
Logainm.ie | 61298 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Aontroma, Northern Ireland | |||
Suíomh | an tAigéan Atlantach | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | |||
Tréithe | ||||
Toisí | 4 () × 6.4 () km | |||
Achar | 14.4 km² | |||
Suíomh gréasáin | rathlincommunity.org | |||
Níl ach 75 daoine ina gcónaí ar an oileán (daonáireamh 2001). Níl oileán eile i dTuaisceart na hÉireann le pobal buan. Tháinig méadú go 141 daoine faoi daonáireamh 2021.
Stair
cuir in eagarDeirtear gurbh é an chéad áit a leag an duine daonna cois in Éirinn, agus is iomaí duine idir Éireannaigh, Albanaigh, Lochlannaigh, Sasanaigh agus eile a leag cois ann ó shin.[2]
Is ar Reachlainn a tharla an chéad sceimhle Lochlannach ar Éirinn, de réir Annálacha Ulaidh. D'fhoghlaigh na Lochlannaigh eaglais an oileáin agus loisc siad roinnt foirgneamh sa bhliain 795.
Rinneadh cúpla ár uafásacha san oileán le linn choilíniú na hÉireann. Dhúnmharaigh Francis Drake agus a chuid fear tuairim is 600 oileánach ann sa bhliain 1575.Rinneadh ár ar mhuintir Chlainn Mhic Dónaill a bhí ag lorg tearmainn ar Reachlainn.
Rinneadh scrios eile fiche bliain ina dhiaidh sin nuair a chaith saighdiúirí Shasana 300 bean agus páiste d’ailltreacha móra an oileáin.
Mharaigh Protastúnaigh de Chlann Mhic Cailín idir 100 agus 3,000 Caitlicigh de Chlann Mhic Dónaill ar Reachlainn sa bhliain 1642. Caitheadh na scórtha bean ó na haillte.
Inniu tá músaem san oileán atá lonnaithe i seanteach bád sa mbaile beag ag an gcuan. Tá roinnt eolais ann faoin saol mar a bhí san oileán.[2]
Dúlra
cuir in eagarTá a lán éan mara ar Reachlainn, agus tá anaclann dúlra RSPB ann ar an oileán. Is iad an Royal Society for the Protection of Birds a ritheann an tearmann éan atá in iarthar an oileáin.[2] Is i mí na Bealtaine a bhíonn a bhformhór ‘sa mbaile’ i Reachlainn sula dtéann siad amach ar an teiscinn mhór don chuid eile den bhliain. Tá an tearmann éan lonnaithe timpeall ar an teach solais bunoscionn in iarthar an oileáin (tá trí theach solais ann).
Gaeilge
cuir in eagarBhí a gcanúint féin ag muintir an oileáin, canúint nach maireann anois ach amháin i leabhair agus i dtaifeadtaí, a bhí ina droichead ar go leor bealaí idir Gaeilgí na hÉireann agus na hAlban. Thugadh scoláirí cuairt ar an áit sa gcéad seo caite agus an céad roimhe sin arís le gramadach, stór focal, agus comhréir na n-oileánach a fhoghlaim agus is iomaí feis, fleá, agus féile a reáchtáladh san oileán san am a caitheadh.
Tá físeáin an iriseora agus taighdeora canúna Ciarán Dunbar, 'Caint ar Ghaelg Reachraidh', le fáil ar YouTube[3] ina gcuireann sé síos ar an gcineál Gaeilge a labhraítí san oileán.
Tá comharthaí Gaeilge i roinnt mhaith de na siopaí beaga fós agus go leor tithe ann a bhfuil a ainm Gaeilge greanta ar a ngeata.
Féach freisin
cuir in eagar- Reachrainn (baile fearainn i gContae Bhaile Átha Cliath)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Reachlainn/Rathlin Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Maitiú Ó Coimín (2023-07-13). "'Dhá rud ar leith a mheall go Reachlainn mé - na héin agus an teanga'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-18.
- ↑ "Ciarán Dunbar - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2023-07-18.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Mionainmneacha Reachlainn (logainmneacha)