Séamas II agus VII
Bhí Séamas II (14 Deireadh Fómhair 1633 - 16 Meán Fómhair 1701) ina rí ar Shasana agus Éirinn ó 6 Feabhra 1685 go 11 Nollaig 1688. Mar Séamas VII, bhí sé ina rí ar Albain
Beatha
cuir in eagarGeopholaitíocht
cuir in eagarSa bhliain 1669, chuir Séamas an pharlaimint agus na huaisle ina aghaidh nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach agus nuair a dhearbhaigh sé cearta iomlánacha na monarcachta.[1][2]
Sa bhliain 1672, rinne Rí Louis na Fraince ionradh ar Phalaitíneacht na Réine agus ar an Ísiltír.[3] Tháinig Liam Oráiste chun cinn mar phearsa thábhachtach sa chomhghuaillíocht leathan a tháinig chun cinn in aghaidh na Fraince mar thoradh ar an ionradh sin.
Snaidhmeadh an dá shaincheist sin le chéile mar aon ábhar amháin nuair a tháinig Liam, ar nia agus cliamhain Shéamais é, go Sasana i mí na Samhna 1688 agus 15,000 saighdiúir in éineacht leis. Corónaíodh é féin agus a bhean chéile, Máire, iníon Shéamais, mar rí agus mar bhanríon.
Tháinig a mhac céile, Liam Oráiste (nó Liam III) agus a iníon Máire i gcomharbacht air nuair a cuireadh as cumhacht é i Sasana.[3]
Feachtas in Éirinn
cuir in eagarTháinig Rí Séamas i dtír in Éirinn i mí an Mhárta 1689 agus 6,000 saighdiúir Francach in éineacht leis mar iarracht a choróin a fháil ar ais arís.[4]
I ndiaidh an ratha i dtosach báire i nDroim Mór, thig leis na Seacaibítigh gabháil leo ó thuaidh agus Béal Feirste a chur faoina smacht. Ba ag Caisleán na Croma an 28 Iúil 1689, i ngar d‘Inis Ceithleann, a fuarthas an tréanlámh in uachtar ar na Seacaibítigh den chéad uair.[5]
Cath na Bóinne
cuir in eagarD’fhéadfadh sé gurb é Cath na Bóinne an cath is cáiliúla i stair na hÉireann.
Teitheadh
cuir in eagarIs go St Germain-en-Laye sa Fhrainc a theith Séamas tar éis dó Cath na Bóinne a chailleadh in 1690[6]. Thug col ceathrair Shéamais, Louis XIV, rí na Fraince, dídean dó. Is sa Château-Vieux de St Germain-en-Laye a chaith sé an chuid eile dá shaol. Is ann a fuair sé bás chomh maith in 1701. Tuigtear gur sa séipéal áitiúil atá sé curtha.
Bhuail stróc Séamas i St Germain agus d'éag 16 Meán Fómhair 1701. Seoladh a inchinn chuig an Coláiste Albanach i bPáras codanna éagsúla den chorp in áiteanna eile. Cailleadh an inchinn le linn Réabhlóid na Fraince truaillíodh cuid eile den chorp.[7][8]
Léirmhíniú
cuir in eagarGhlaoití 'Séamas an Chaca a chaill Éire' ar Shéamas II a chaill Cath na Bóinne, leasainm agus masla sa traidisiún Gaelach[9]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ connie.fisher (2016-02-26). "James II (r.1685-1688)" (en). The Royal Family. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- ↑ 100 (2019-05-27). "Lámhainní Fada an Rí Liam" (en). 100 Objects. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- ↑ 3.0 3.1 "Dutch War | 1672–1678 | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- ↑ pleanala.ie. "Cath na Bóinne". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ pleanala.ie. "Cath na Bóinne". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Ní Aitheantas go hAontíos" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- ↑ "A Jacobite Gazetteer - France - Paris - Scots College". www.jacobite.ca. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- ↑ "The curious fate of King James II" (en-GB). Nonfictioness (2015-09-24). Dáta rochtana: 2022-09-16.
- ↑ Ó Duinnín, Foclóir Gaedhilge Béarla, (Baile Átha Cliath 1996 (athchló), lth. 145)