Conall mac Comgaill

rí Dhál Riada

Rí Dhál Riada san Albain agus oirthuaisceart Éireann ba ea Conall mac Comgaill ón mbliain c. 558 go dtí 574.

Infotaula de personaConall mac Comgaill
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás574
Ríthe Dhál Riada
560 – 574
← Gabhrán mac DomhanghairtAodhán mac Gabhráin → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteConnadh Cearr Cuir in eagar ar Wikidata
AthairComhghall mac Domhanghairt

Comgall mac Domangairt ba ea a athair. Deirtear gur bhronn sé Oileán Í ar Naomh Colm Cille. Sa Duan Albanach, deirtear go raibh sé ina rí gan freasúra. Tuairiscítear i nAnnála Uladh sin bhliain 568 go ndeachaigh sé ar sluaíocht le Colmán Beag mac Diarmada d'Uí Néill an Deiscirt in Iardoaman isteach.[1] I nAnnála na gCeithre Máistrí tá iontráil níos faide a deir:[2]

Murchobhlach la Colman m-Becc, mac Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, & la Conall, mac Comhgaill, toiseach Dal Riada h-i Seil, & i n-Ile, co t-tardsat[3] edála iomdha eistibh.
... agus rug éadálacha iomaí libh.

Deirtear sa Seanchas Fear Alban go raibh seachtar mac ag Conall: Loingsech, Nechtan, Artan, Tuathan, Tutio agus Coirpe. Deirtear ámh go raibh Connad Cerr ina mac Chonaill, agus tuairiscítear bás Dúnchadha mhic Conaill i nAnnála Uladh agus i nAnnála Tiarnaigh, i gceannas ar arm mhic Gabráin" i gCinn Tíre.

Foinsí cuir in eagar

  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Réamhtheachtaí
Gabrán mac Domangairt
rí Dhál Riada
558–574
Comharba
Áedán mac Gabráin

Teimpléad:Ríthe Dhál Riada