Annála Chluain Mhic Nóis

Aistriúchán Béarla den 17ú haois d'annála Gaeilge anois caillte is ea Annála Chluain Mhic Nóis (Béarla Annals of Clonmacnoise). Tuairiscítear iontu imeachtaí a tharla Éirinn ón ré réamhstairiúil go dtí AD 1408. Glaoitear scaití Mageoghagan's Book ar an saothar, ainmnithe as an aisteoir, Conall Staraí.[1]

Stair saoil agus ábhar

cuir in eagar
 
Fothrach na mainistreach ag Cluain Mhic Nóis.

Tá na bunlámhscríbhinní ar iarraidh, agus ní fios cé a scríobh iad. Tugtar de ghnáth an t-ainm Annála Chluain Mhic Nóis dóibh toisc go meastar gur tiomsaíodh a gcuid ábhar i Mainistir Chluain Mhic Nóis. Cé nach deirtear a leithéid sa saothar féin, tá béim ar leith ann ar stair an cheantair ar dhá thaobh na Sionainne ag Cluain Mhic Nóis agus ar na teaghlaigh Uí Mhaine lonnaithe ann, mar atá Uí Cheallaigh, Uí Ruairc, Uí Mhaolmhuaidh, Uí Chonchúir agus Mhic Dhiarmada, rud nach bhfaightear i n-annála eile. I dteannta le sin, tá cosúlachtaí le feiceáil ann leis cnuasach Chluain Mhic Nóis, mar a thugtar air, de théacsanna annál.[2]

Insítear sna hAnnála stair na hÉireann ó the creation of man go dtí an bhliain AD 1408. Deir Mag Eochagáin go bhfuil roinnt míreanna ar iarraidh, ón mbliain 1182 go 1199, agus 1290 go 1299. Deir sé gur scriosadh iad ní amháin ag Lochlannaigh creachta á ndó, ach freisin ag táilliúirí á ngearradh chun oibriú leo.

Aistriúchán Béarla

cuir in eagar

Cuireadh Béarla an ré Eilíse ar na na hAnnála sa bhliain 1627 ag Conall Mag Eochagáin as Lismoyny, gar do Chlóirtheach, Contae Uíbh Fhailí. Thiomnaigh Mag Eochagáin an aistriúchán dá dheartháir cleamhnais, Toirdhealbhach Mac Cochláin, a raibh a theaghlach ar ceann dóibh deireanach a bhíodh i mbun nósanna dúchais na nGael a chleachtadh.

Críochnaíodh an t-aistriúchánB was 20ú Aibreán 1627, i gCaisleán Liath Mancháin, Uíbh Fhailí. Tá an bunleagan le Mag Eochagáin caillte anois, ach tá roinnt cóipeanna dó, caomhnaithe i Leabharlann Choláiste na Tríonóide agus sa Músaem na Breataine.

Níos mó ná uair amháin, déanann Mag Eochagáin trácht ar "the ould Irish book out of which he wrote, out of which many leaves were lost or stolen." Is léir gur chaomhnaigh sé leagan cainte na Gaeilge agus gur chuir sé í chun socair, chomh fada is is féidir a dheimhniú i ngátar na bunlámhscríbhinne.

Eagrán nua-aimseartha

cuir in eagar

Foilsíodh aistriúchán na nAnnál don chéad uair i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1896 agus arís ag Llanerch Publishers sa bhliain 1993. D'iarr scoláirí arís agus arís eile go bhfoilseodh eagrán nua, óir go meastar nach oiriúnach é eagrán Murphy do scoláireacht an lár inniu, scoláirí amhail is Prof David Dumville, a chásaigh "the poor textual condition of the Annals of Clonmacnoise and the lack of adequate modern criticism of that text";[3] agus Dr Nollaig Ó Muraile, a chur in iúl go ndéanfadh duine éigin ar cheann de "those great desiderata in this particular field – namely new, up-to-date editions of the Annals of Tigernach and of Mageoghegan's Book".[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  • Annals of Clonmacnoise, iontráil ar CODECS
  • Murphy, Denis (eag.). The Annals of Clonmacnoise. Royal Society of Antiquaries of Ireland. Baile Átha Cliath, 1896. PDF le fáil ar Internet Archive: anseoanseo.
  • Oxford Concise Companion to Irish Literature, Robert Welsh, 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • Chronicles and Annals of Mediaeval Ireland and Wales, David Dumville agus Kathryn Grabowski, 1984.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Murphy, Annals of Clonmacnoise (Baile Átha Cliath 1896).
  2. Mac Niocaill, Gearóid (1975). "The Medieval Irish Annals". Baile Átha Cliath: Dublin Historical Association. 
  3. D. Dumville agus K. Grabowski, Chronicles and Annals of Mediaeval Ireland and Wales (Boydell Press, 1984), lch. 176.
  4. N. Ó Muraile, Review of D. P. Mc Carthy's The Irish Annals: their Genesis, Evolution and History Curtha i gcartlann 2011-07-17 ar an Wayback Machine