Baotán mac Muircheartaigh

rí Éireannach

Ard-Rí na hÉireann de réir foinsí éagsúla ba ea Baotán mac Muircheartaigh (Sean-Ghaeilge Báetán mac Muirchertaig) (bás 572),[1] aitheanta mar Baotán Brí (Baetán Bríge). Muircheartach mac Muireadaigh (bás 534), a mheastar fosta gurbh Ard-Rí é, ba ea a athair.[2] Ba bhall de Chineál Eoghain é. Bhí sé i gcoróin i nAileach ón mbliain 566 go dtí 572.[3]

Infotaula de personaBaotán mac Muircheartaigh
Beathaisnéis
Bás571
Ardrí na hÉireann
569 – 572
← Ainmuire mac SétnaiBáetán mac Ninnedo → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachCineál Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteColmán mac Baotáin, Ailill, Forannán, Lochan 'Diolmana' (?), Máel Umai mac Báetáin, Fearghas Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuircheartach mac Muireadaigh

Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill le linn deireadh na 6ú haoise.[4] Bhí Baotán i gcomhréim lena nia, Eochaidh mac Domhnaill (bás 572), ón mbliain 569.[5] Sna ríliostaí Meán-Ghaeilge, faightear a réimeas níos luaite ná mar a tuairiscítear sna hannála.[6] Ní fhaightear iad ar chor ar bith sa liosta ríthe na Teamhrach, Buile Choinn, dán den 7ú haois. Is dóigh áfach gurbh é rí na nUlad, Baotán mac Cairill (bás 579), fíor-rí na hÉireann le linn an ama úd.[7]

Sa bhliain 572, maraíodh an bheirt ríthe ag Crónán mac Tiarnaigh, rí Chiannachta Ghleann Gheimhin (Contae Dhoire an lae inniu).[8][9]

Feictear mac Bhaotáin, Colmán Ríomhaí, mar ard-rí i roinnt liostaí. Bhí ceathrar mac eile aige, Maol Uma, Forannán, Fearghas agus Ailill. Sna Ginealaigh Laud feictear a cúigear mac mar a leanas:

Coic maic Baetáin maic Muirc[h]ertaig .i. Forgus, otáit Cenél Forgusa; Forannán, a quo Hui Forannáin; Ailill .i. athair Cindfaelad; Maelhumai .i. in rígfénid; Colman Rimid athair Fína máthar Flainn.[10]

I nAnnála na gCeithre Máistrí, deirtear Dúin faoin iontráil 615.2:

Ailill mac Baetáin, Maol Dúin mac Fergusa mic Baotáin & Diucolla do mharbhadh h-í Muigh Slecht, h-i c-crich Connacht. Do Cenel m-Baotáin mic Muirchertoigh doibh.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. dátaí uile de réir The Chronology of the Irish Annals, le Daniel P. McCarthy
  2. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
  3. Tugtar réimeas 6 bhianna do i Sioncronachtaí Laud
  4. Charles-Edwards, ll. 494-495
  5. Tugtar réimeas trí bliana dóibh sa Leabhar Laighneach agus bliain amháin i Sioncronachtaí Laud.
  6. Charles-Edwards, ll. 484-487
  7. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 114
  8. Annála Uladh, AU 572.1
  9. Annála Tiarnaigh, AT 571.1
  10. Zeitschrift für celtische Philologie, Iml. 8, lch. 294, Kuno Meyer


Réamhtheachtaí
Domnall mac Muirchertaig
Forggus mac Muirchertaig
Ard-Rí na hÉireann
562-563
Comharba
Ainmuire mac Sétnai