Is sráidbhaile é Baile na FinneGleann Fhinne (Glenfin nó Glenfinn nó go hiondúil Fintown) atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, ar bhruach Loch Finne. Tá Baile na Finne suite idir Leitir Ceanainn, Bealach Féich, An Clochán Liath agus na Gleanntaí. Tá sé 17 míle ó Leitir Ceanainn, 17 míle ó Bhealach Féich, aon mhíle dhéag ón gClochán Liath agus ocht míle ó na Gleanntaí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile na Finne

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°52′14″N 8°06′48″W / 54.8706°N 8.1133°W / 54.8706; -8.1133
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde169 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

An Sráidbhaile cuir in eagar

 
Baile na Finne

Deirtear go bhfuair an baile agus an loch an t-ainm Finn ó Fhionngheal, bean álainn a báigheadh sa loch agus í ag iarraidh a deartháir Feargamhain, a bhí gortaithe, a shábháil.[1]

Bhí níos lú ná céad duine i sráidbhaile Bhaile na Finnesa bhliain 2006. Tá scoil náisiúnta, teach pobail, oifig an phoist, dhá shiopa, halla paróiste agus dhá theach tábhairne ann.

Roimh 1970, bhí cúig scoil sa pharóiste (ag Ceann Garbh, Loch Muc, Sealagán, Béal an Átha Mhóir agus Droim an Aonaigh). Tháinig laghdú ar na huimhreacha mar gheall ar an imirce, áfach. Druideadh na scoileanna agus tógadh ceann lárnach i mBaile na Finne. Anois tá an daonra ag méadú arís.

Bhí dhá choláiste samhraidh i mBaile na Finne sna seachtóidí ach druideadh iad. Tá ceann amháin, Coláiste na gCruach, oscailte arís anois. I mbliana bhí dhá chúrsa ar siúl agus bhí suas le 270 páiste ar fad ag fanacht sna tithe ó Bhaile na Finne go Gleann Fhinne. Duine de na scoláirí ab ea Máire Mhic Ghiolla Íosa, iar-Uachtarán na hÉireann.

Tá seaniarnród cáiliúil sa cheantar, a osclaíodh sa bhliain 1895. Ritheann seantraein, an Mhuc Dhubh, air.

Stair cuir in eagar

5ú-6ú haois cuir in eagar

Ba í Taobhóg Naofa a thug an creideamh go Gleann Fhinne nuair a thóg sí cill nó teach pobail ansin sa chúigiú haois. Tugtar Paróiste Chill Taobhóige ar an pharóiste. Ba de chlann Uí Dhuibheannaigh Taobhóg, bean a shíolraigh ó Mháine, mac Néill Naoi nGiallach. Bhí siad seo ina dtaoisigh ar réimse mór talún in oirthear Dhún na nGall. Ghlac siad leis an Chríostaíocht ó Naomh Pádraig féin.[2]

Bhronn an taoiseach cúig bhaile fearainn mar thailte eaglasta ar Thaobhóg - Coillte Fhearghail, An Clochán Mór, An Clochán Beag, An Bhrocach agus Leitir Bric. Bhí cill Thaobhóige ar bhruach abhainn na Finne.

Tá reilig Chill Taobhóige in úsáid ansin go fóill. Tá ballóga le feiceáil ansin a bhí mar mhainistir ag Ord Naomh Proinsias sa cheathrú haois déag.

 
An siopa

Plandáil Uladh cuir in eagar

 
Séipéal

D’fhág Plandáil Uladh lorg ar Ghleann Fhinne. Bhronn Séamas I an talamh maith sa cheantar ar eachtrannaigh as an Bhreatain Bheag i 1609 agus tá a sliocht ann go fóill. Comharsanaigh maithe iad seo anois le fada an lá a fhaigheann ar aghaidh go maith leis na Gaeil, mar a thugtar go háitiúil ar na Caitlicigh.[2]

 
Iarnród

19ú haois cuir in eagar

D’fhág an Gorta Mór a lorg ar an cheantar, ar ndóigh. Bhí caisleán ag an Tiarna Charles Styles i nGleann Fhinne agus bhí sé fearúil leis na bochta, de réir an tseanchais.

 
an stáisiún traenach

Cogadh na Saoirse cuir in eagar

Is beag duine i nDún na nGall nár chuala an t-amhrán " Johnston’s Motor Car”, a cumadh faoin éacht a rinneadh ag Droichead an Ríleáin i 1921. Bhí carr de dhíth ar an IRA le gunnaí agus baicle fear a thabhairt go dtí an Clochán Liath. Ní raibh aon charr san áit ach ceann a bhí ag an Dr Johnston. Le scéal fada a dhéanamh gearr, rinneadh luíochán ar an dochtúir agus tógadh an carr uaidh. Rinne an file Liam Mac Giolla Easpaig an t-amhrán ina bhfuil na línte "You could hear the din going through Glenfin in Johnston’s Motor Car".[2]

Turasóireacht cuir in eagar

Seo ceantar álainn ina bhfuil lochanna agus aibhneacha, chomh maith le sléibhte mar Acla (1961 troigh), Scrig Mhór (1550 troigh) agus Scrig Bheag (1450 troigh). Is minic a thagann siúlóirí chun an cheantair.

Is é Loch Finne, atá trí mhíle ar fhad agus leathmhíle ar leithead, an loch is mó sa cheantar. Tá lochanna eile ann freisin: dhá Loch Muc, Loch na mBradán, Loch Eirig agus Loch Ghleann na mBuachaill. Tá bric sna lochanna seo uilig agus bíonn comórtais iascaireachta ar siúl i rith an tsamhraidh.

Tá Ionad Oidhreachta ar an Bhrocaigh ina bhfuil eolas agus iarsmaí den seansaol i dtaisce.

Daoine cuir in eagar

  • In 1801 rugadh Isaac Butt, mac ministéara, i dTeach an Ghlebe ag taobh reilig Chill Taobhóige. Ba é Isaac Butt an fear a bhunaigh an páirtí Home Rule i bparlaimint Shasana. Tá cónaí i dTeach an Ghlebe go fóill.[2]
  • Rugadh an scríbhneoir cáiliúil Seán Bán Mac Meanman i mBaile na Finne. D'fhreastail sé ar scoil an Chinn Ghairbh, cúpla céad slat óna theach cónaithe.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Dún na nGall.com & Donegal County.com - Fintown - Baile na Finne". web.archive.org (2014-01-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-06. Dáta rochtana: 2022-09-14.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Áine Ní Dhíoraí (Bealtaine 2002). "Gleann Fhinne" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-09-14.

Naisc sheachtracha cuir in eagar