Maine mac Néill

Rí Bhreá
Do mhac le Niall Naoighiallach, féach Máine Tethbae

Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Maine mac Néill (bás 712). He was the son of Niall mac Cernaig Sotal (bás 701) ba ea a athair, agus an tArdrí Diarmait mac Áedo Sláine (bás 665) a shin-seanathair.[1]

Infotaula de personaMaine mac Néill
Beathaisnéis
Bás712
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairNiall mac Cearnaigh Sotal

Feictear Maine mar ráthóir ar Cháin Adhamhnáin le Naomh Adhamhnán socraithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697 agus a athair fós beo.

Le linn shaol Mhaine, tharla coimhlint idir clanna Uí Chearnaigh sa deisceart, Uí Chonaing as Cnóbha sa tuaisceart agus Síol Dlúthaigh as Fir Cúl Bhreá. Bhí a athair, Niall, maraithe ag rí Uí Chonaing Bhreá, Iorghalach mac Conaing Choirre (bás 702), sa bhliain 701.[2]

Bhí a dheartháir Fógartach mac Néill (bás 724) i gcoróin i mar rí Bhreá uile. Chloígh sé i gCath Claenath (gar do Chlaonadh, Contae Chill Dara) ag rí Laigean, Ceallach Chualann (bás 715), sa bhliain 704. In ainneoin seo, d'fhan Fógartach ina rí.[3]

Maraíodh Maine féin ag Flann mac Aodha (bás 714) de Shíol Dlúthaigh i mbun chatha sa bhliain 712, mar chuid den achrann cathartha Shíol Aodha Sláine.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 701.11
  3. AU 704.4
  4. AU 712.6