Irgalach mac Conaing

Rí Bhreá
(Athsheolta ó Írgalach mac Conaing)

Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Iorgalach mac Conaing Coirre (Sean-Ghaeilge Írgalach mac Conaing Cuirre) (bás 702). Conaing Coirre mac Conghaile (bás 662) ba ea a athair, Conghalach (bás 696) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 696 go dtí 702.

Infotaula de personaIrgalach mac Conaing
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás702 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCináed mac Írgalaig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConaing Cuirre
SiblínCongalach mac Conaing Cuirre

Feictear Iorghalach mar ráthóir ar Cháin Adhamhnáin le Naomh Adhamhnán a socraíodh ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697, áit a nglaoitear rí Chiannacht air.[2]

Ag tús réimeas Iorgalaigh, thosaigh dian-achrann idir Uí Chonaing agus Uí Chearnaigh as Loch Gabhair i ndeisceart Bhreá. Cloíodh a dheartháir Conghalach ag Niall mac Cearnaigh Sotal (bás 701) i gCath Imligh Pich sa bhliain 688. Mharaigh Iarghalach Niall, a bhí faoi chosaint Adhamhnáin, ag Drumain Ua Casan sa bhliain 701. Insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann an mhallacht a chuir an naomh ar Iorghalach de bharr an ghnímh seo:[3][4]

‘A mic mhallaighthe,’ ar se, ‘& a dhuine as cródha & as meassa do righne Día, bíoth a fhioss agat gurob gairid gur rod sgerthar rit flaithius, & ragha dochum n-ifrinn.’
‘A mhic mhallaithe,’ ar sé, ‘agus a dhuine is crua agus is measa a rinne Dia, bí a fhios agat gur gairid é go scarfar flaitheas díot, agus rachaidh go h-ifreann.’

Dar leis an gcur síos i nAnnála Easpacha, chuir Adhamhnán mallacht fosta ar mhuintir Iorghalaigh. Bhí a bhean chéile MuireannCheallaigh (bás 748) ag iompar clainne agus d'impigh sí ar Adhamhnán a leanbh sa bhroinn a spáráil. Rinne sé mar a iarradh air, ach leathdhall ba ea Cináed ag a mbreith, agus dá bharr a leasainm Cináed Caoch.[5] D'éag Cináed sa bhliain 728, clóite agus maraithe i gCath Dhroim Chorcainn (nó Chiaráin) ag Flaithbheartach mac Loingsigh de Chineál Chonaill.

Insítear i nAnnála Uladh gur éag Iorghalach sa bhliain 702 nuair a mharaigh Briotanaigh é Britons i nÁth Cliath ar an trá y Inis Mac Neasáin,[6] agus déantar nasc leis seo agus mallacht Adhamhnáin i nAnnála Easpacha.[7]

Tugann aistreoir na nAnnál Easpach, Joan Radner, faoi ndeara, cé go bhfuil fianaise le fáil sna hannála Éireann maidir le básanna Néill agus Iorghalaigh, agus caoiche Chináed, nach féidir muinín a chur sa chuid eile den scéal agus "gur féidir an seanscéal a chur sna bearnaí idir iontrála na n-annál".[8]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, Londain: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M., Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Radner, Joan N. (1999), "Writing history: Early Irish historiography and the significance of form" (PDF), Celtica, Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 23: 312–325, ISBN 1-85500-190-X, arna gcartlann ó an bunleagan (PDF) ar 2009-05-09, aisghafa 2008-03-22

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II.
  2. Charles-Edwards, lch. 603.
  3. Annála Easpacha na hÉireann Annals, AE 150
  4. Radner, "Writing history", ll.315 – 319.
  5. AE 150.
  6. Annála Uladh, AU 702.2.
  7. AE 156.
  8. Radner, "Writing history", lch. 318.