Muireann
San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, máthair Fhionn mhic Chumhaill ab ea Muireann Muinchaomh (Sean-Ghaeilge Muirenn Muincháem[1][2]).
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Leanaí | Fionn mac Cumhaill |
Siblíní | Uirne |
Eile | |
Cuid de | miotaseolaíocht na nGael agus An Fhiannaíocht |
Bhí a lán suiríoch aici, ach bhí tuar feicthe ag a hathair, an draoi Tadg mac Nuadat, go gcaillfeadh sé a theach ar chnoc Almha dá bpósfadh sí, mar sin, dhiúltaigh sé iad cách. Ach d'fhuadaigh duine dóibh, Cumhall, í. Rinne Tadhg achainí ar Ard-Rí na hÉireann, Conn Cétchathach, a d'eisreachtaigh Cumhall agus chuaigh ar a thóir.
Maraíodh Cumhall sa Chath Cnucha, ach bhí Muireann torrach cheana féin, agus dhiúltaigh a hathair dá bharr, agus d'inis sé dá lucht leanúna í a dhó. Chuir Conn bac ar seo, agus sheol sé Muireann mar iníon altrama go Fiacal mac Conchinn agus a bhean chéile wife, an bandraoi Bodhmall, deirfiúr Chumhaill. Rugadh mac di, a thug sí an t-ainm Deimne dó, nó Fionn mar a raibh aithne níos cáiliúla air.
D'fhág Muireann an buachaill faoi chúram Bhodhmaill agus an banghaiscí Liath Luachra, a thóg faoi rún é sa choill ar Shliabh Bladhma. Phós sí an rí áitiúil, Gleor Lámderg, in am trátha, agus chonaic sí a mac ach uair amháin eile, á chuairt sa choill.
Foinsí
cuir in eagar- T. P. Cross & C. H. Slover (eag) (1936), Ancient Irish Tales
- James MacKillop (1998). Dictionary of Celtic Mythology. London: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.
Tagairtí
cuir in eagar