I Miotaseolaíocht na nGael, is ainm beirt charachtar san Fhiannaíocht é Liath Luachra. Faightear iad beirt sa seanscéal Macgnímartha Finn, faoi eachtraí an laoich, Fionn mac Cumhaill, agus é óg.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLiath Luachra
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíConán mac Lia Cuir in eagar ar Wikidata

Máthair altrama Fhionn cuir in eagar

Ba í an chéad Liath Luachra ar cheann de mháithreacha altrama Fhionn, a thóg é tar éis bás a athar, Cumall, maraithe ag Goll mac Morna. Ba bhanghaiscíoch mór í, agus comrádaí an bhandraoi, Bodhmall, aintín Fhionn. Thóg siad faoi rún é sa choill ar Shliabh Bladhma. Sa deireadh agus cáil Fhionn ag leathadh ar fud na tíre, bhí baol ann go dtarraingeofaí aird mharfóirí a athar. Faoin am seo, bhí gach a raibh ar eolas acu múinte dó chun maireachtáil ar a thoil féin, agus d'imigh sé leis faoi réir rí Bheanntraí.

Namhaid Chumhaill cuir in eagar

Ba ghaiscíoch ard gránna na bhFiann é an dara Liath Luachra. Ba namhaid Chumhaill é, agus an chéad a bhuail é le linn an catha inár éag sé. Níos déanaí, thug Goll mac Morna taiscí Chumhaill dó, agus cheap sé é ina chisteoir oifigiúil na bhFiann. Ba é a chorrbolg ar cheann de mhór-chistí na buíne.

Mharaigh Liath gaiscíoch óg lá darbh ainm Glonda. Chonaic Fionn máthair an fhir ag caoineadh fola de bharr a bháis, agus shocraigh sé díoltas a bhaint as. Mharaigh sé Liath go héasca agus bhain de a thaisce.

Bhí mac ag an Liath seo, Conán mac Lia, a d'éirigh ina thiarna Luchra[1] agus foghlaí in éadan Fhionn agus na bhFiann. Sa deireadh thiar, rinneadh síocháin eatarthu agus chuaigh sé ina bhall leo.

Foinsí cuir in eagar

  • MacKillop, James James MacKillop (1998). Dictionary of Celtic Mythology. Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Luachair ar logainm.ie