Scéal Fiannaíochta i Miotaseolaíocht na nGael is ea Macghníomhartha Fhionn (Sean-Ghaeilge Macgnímartha Finn).

Scéal cuir in eagar

Ag tús an scéil, mharaigh Goll mac Morna athair Fhionn, Cumall, ceannaire na bhFiann. Torrach a bhí Muireann bean chéile Cumhaill ag an am, agus rug sí mac ar an saol in am trátha, darb ainm Demne agus é óg. Agus imní orthu faoina shábháilteacht, chur siad an buachaill chuig deirfiúr Chumaill, an bandraoi Bodhmall, agus a comrádaí Liath Luachra. Thóg an bheirt bhanghaiscíoch é, agus chuaigh in éineacht leis ar chuid dá eachtraí, ina measc an eachtra inar thuill sé a leasainm, Fionn.

Tharraing a ghníomhartha níos mó aird agus é ag fás, agus sa deireadh, chuir a mháithreacha altrama ar shiúl é, ar eagla go bhfaighe fir Ghoill. I scéalta a leanas, insítear é i seirbhís an rí Bheanntraí, conas a aisghabh sé taisce Chumhaill á mharú Liath Luachra (carachtar eile ná a mháthair altrama), agus a theacht le chéile le na Fianna sean agus curtha as seilbh a throid in éadan a athair.

Insíonn sraith mór le rá eile conas a d'ith Fionn de thaisme an bradán feasa, a bhronnadh fios feasa don té a d'íosfadh é. Bhí Fionn i mbun staidéir faoin fhile Finn Eces, a bhí ag iarraidh an t-iasc a bhreith le seacht mbliana. I ndeireadh na dála, rug sé é, agus d'iarr sé ar Fhionn é a réitigh. Dhóigh Fionn a ordóg ar an iasc agus chuir sé isteach ina bhéal é, agus ar an dóigh sin, fuair sé bua fios feasa.

Chuaigh Fionn ar turas go Teamhraigh, a chuirtí trí thine gach Samhain ag Aillen na dTuath Dé Danann. Ní raibh ar chumas Ghoill nó na bhFiann é a chosc, toisc go gcuirtí Aillen gach éinne a chodladh le fonn draíochta. Tharraing Fionn anáil de nimh poison óna gha féin chun fanacht ina dhúiseacht, agus mharaigh sé Aillen. Nocht sé é féin sa chúirt ríoga, agus cheap an rí é mar cheannaire na bhFiann. D'éirigh Goll as dá thoil féin, agus rinne síocháin lena namhaid.

Téacsanna cuir in eagar

Is é Laud 610: folio 118Rb-121Va an lámhscríbhinn is tábhachtaí, cé go bhfuil an chríoch in easnamh, ag stopadh agus sídhe á iniúchadh ag Fionn roimh a thuras go Teamhraigh.[1]

Ba é Kuno Meyer a chuir Laud 160 in eagar don chéad uair in 1881, don iris na Fraince Revue Celtique.[2] De réir Meyer, is den 12ú haois an téacs.[2]

Cosúlachtaí cuir in eagar

Tugadh faoi ndeara ag scoláirí cosúlachtaí idir leaganacha níos luaite de Macghníomhartha Fhionn agus scéalta faoi laoch na Rúraíochta, Cú Chulainn agus é óg.[3] Mar shampla, insíonn Macghníomhartha Chú Chulainn agus Tochmharc Eimhire, réamhscéalta de chuid Táin Bó Cuailgne, conas a fuair Cú Chulainn a leasainm, a teagasc leis an mbanghaiscíoch Scáthach, agus an chaoi a thuill sé a gha marfach, an Ga Boilg.

Foinsí cuir in eagar

  • Jones, Mary. "The Boyhood Deeds of Fionn mac Cumhaill" ar maryjones.us.
  • MacKillop, James (1998). Dictionary of Celtic Mythology. Oxford. ISBN 0-19-860967-1.
  • Meyer, Kuno (1881). "Macgnimartha Find." In Revue Celtique, V, ll. 195–204, 508.

Tagairtí cuir in eagar

  1. cén lámhscríbhinní eile?
  2. 2.0 2.1 Meyer, "Macgnimartha Find."
  3. Mackillop, Dictionary of Celtic Mythology, lch. 318.