San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, bandraoi agus máthair altrama Fionn mac Cumhaill ab ea Bodhmall (nó Bodhmann,[1] Bómall,[2] Bodmall, nó Bodbmall). Deirfiúr Chumhaill athair Fhionn ab ea í. Ba gaiscí mór le rá í féin agus a comrádaí Liath Luachra.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBodhmall
Cineálainm baineann Cuir in eagar ar Wikidata

Macgnímartha Finn cuir in eagar

Faightear scéal Bodhmall sa seanscéal na Fiannaíochta Macgnímartha Finn.

Tar éis bás Chumhaill, maraithe ag Goll mac Morna, bhí a bhean chéile Muireann buartha faoi shaol a mic. Tháinig Bodhmall agus Liath Luachra chuici, agus thóg siad an gasúir san fhorais ar Shliabh Bladhma. Theagasc siad do conas seilg, agus chuaigh ina theannta ar a luath-eachtraí. Agus é fásta agus a chlú agus a cháil ag scaipeadh go forleathan, bhí imní ar na banghaiscí go dtarraingeodh sé aird fear Ghoill. Sheol siad amach leis féin, gach rud ar eolas acu múinte dó.

Foinsí cuir in eagar

  • MacKillop, James James MacKillop (1998). Dictionary of Celtic Mythology. Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Fionn mac Cumhaill, Taoiseach na Féinne, le Tadhg Mac Dhonnagáin, ISBN 978-1-85791-667-6
  2. Dóiteoir na Samhna, le Darach Ó Scalaí, ISBN 978-0-8983324-3-8