Ga Bolga

arm Chú Chulainn
(Athsheolta ó Gáe Bulg)

Sa Rúraíocht, ba shleá Chú Chulainn é an Ga Bolga[1] (Sean-Ghaeilge Gáe Bulg, freisin Gáe Bulga, Gáe Bolg, Gáe Bolga). Thug a teagascóír cogaidh Scáthach dó é, agus mhúin sí ach dó féin amháin a theicníc.

Saintréithe

cuir in eagar

Rinneadh é le cnámh ollphéist na mara, An Coinchenn,[2] a fuair bás i mbun troda in aghaidh ollphéiste eile, An Curruid. De réir roinnt foinsí, níl ann ach sleá marfach ar leith, ach de réir eile ámh — go háirithe an Leabhar Laighneach — chaithfí é ach amháin le sain-deasghnách:

Níorbh mhór an Gáe Bulg a ullmhú i sruthán, agus a chaitheamh le ladhracha na coise. Chuaigh sé isteach corp fir le cneá amháín, ... ach d'oscail ansin le tríocha friofac. Chaithfí a chuid feola a ghearradh uaidh chun an sleá a thógaint as corp an fhir.[3]

I leaganacha eile den tseanscéal, bhí seacht gceann ag an sleá, seacht friofac an ceann.

Táin Bó Cuailnge

cuir in eagar
Príomhalt: Táin Bó Cuailnge

Fuair Cú Chulainn a shleá tar éis a oilliúna leis an ngaiscíoch mór, Scáthach na hAlban. Mhúinigh sí gach dó féin agus dá dheartháir altrama, Ferdia, ach amháin an Ga Boilg do Chú Chulainn. Chaith sé é in am trátha i gcomhrac aonair in éadan Fherdia. Bhí siad ag troid ag áth, agus bhí an lámh in uachtar ag Ferdia. Chuir carbadóir Chú Chulainn, Lao, an Gáe Bulg ar snámh síos san abhainn i dtreo a mháistir, agus chaith é d'urchar a chois i gcorp Fherdia isteach. Pholl an sleá cathéide an ghaiscígh, ag sileadh trí na bóithre idir bheaga agus móra a choirp, ag líonadh gach alt le friofaic. Fuair Ferdiad bás tamaillín ina dhiaidh.

Léiríonn an chuir síos seo marfacht an tsleá agus an bail déistineach ina fhágtar a íospartaigh. Mar a insítear sa scéal:

Tháinig Lao chun tosaign agus ghearr sé Ferdia agus thóg amach an Gáe Bolga. Chonaic Cú Chulainn a arm fuilteach agus cródhearg ó chorp Fherdia...[4]

Scéalta eile

cuir in eagar

Mharaigh Cú Chulainn a mhac féin, Connla, leis an sleá.

Sanasaíocht

cuir in eagar

Deirtear sa bhéaloideas go bhfuil dara focal an ainm fréamhaithe ó bolg mar is gnách, 'sé sin, goile.[5]

Deir go leor scoláirí Ceilteacha ámh, ina measc Joseph Loth agus Kuno Meyer, go bhfuil an focal fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge bolc ("bearna, mant"; gaolta le bwlch na Breatnaise), a mholann nasc le claíomh Fhearghasa Mhic Róich, Caladbolg, agus le claíomh Rí Arthair Caledfwlch.[6][7][8]

Molann an teangeolaí Eric Hamp go bhfuil bulga fréamhaith ón gcomhfhocal Prota-Ceiltis *balu-gaisos le brí "bás-sleá, sleá an bháis", atá inchurtha leis an SeanGhaeilge fogha, "sléa, ga", ón Prota-Ceiltis *uo-gaisu-. Tharla ansin gur éirigh an dara dúil *gaisos dothuighthe do cainteoirí Gaeilge, agus cuireadh ar ais ar an tús a ghaol na SeanGheailge gáe chun an bhrí a soiléiriú, ach ag déanamh dá bharr comhfhocal athluaiteach nua - "ga-bul-ga".[9][10]

  1. Paul Bolger, Barry Devlin, Cú Coimirceoir,, lch. 16, Gaillimh: Leabhar Breac, ISBN 978-1-911363-39-2
  2. DIL
  3. The Táin, aistr. Thomas Kinsella
  4. The Táin, aistr. Ciaran Carson
  5. Meyer, Kuno. Contributions to Irish lexicography, imleabhar 1, M. Niemeyer, 1906. lch. 236.
  6. Loth, Joseph. Les Mabinogion, imleabhar 1, Thorin, 1889, lch. 200.
  7. Meyer, Kuno. Contributions to Irish lexicography, imleabhar 1, M. Niemeyer, 1906, lch. 236.
  8. Lewis, Timothy. "Bolg, Fir Bolg, Caladbolg" in Ryan, J. (eag.), Féil-sgríbhinn Eóin Mhic Néill, Baile Athá Cliath, 1940; athchló. Four Courts Press 1995, ll. 46-62.
  9. Hamp, Eric P. "Varia I: 10. at·bail(l), (gaé) bulga", Ériu 24, 1973, ll. 179–182.
  10. Schrijver, Peter. Studies in British Celtic Historical Phonology, Rodopi, 1995, lch. 384 (sanasaíócht do: fogha).