Máine Tethbae
Mac mar dhea le Niall Naoighiallach ba ea Máine Tethbae. Bhí ceantar a mhuintir, Cineál Mhaine, suite in iardheisceart ríocht Theafa (Tethba), ar bhruacha thoir Loch Rí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 440 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Athair | Niall Noígíallach |
Is dócha ámh gurbh é Máine Mór féin é sinsear Cineál Mhaine. Tráth dá raibh, shíneadh a ríocht Uí Mhaine ón nGaillimh taobh thoir agus thuaidh de Bhaile Átha an Rí, deisceart Ros Comáin agus thar an Sionainn sna críocha Cuircni, Calraige, Delbna Bethra agus Cineál Mhaine féin isteach. Nuair a tháinig Uí Néill an Deiscirt chun cinn sa cheantar, tugadh dá rítheaghlach bréag-ghinealach Uí Néill.[1] Bhí Cineál Mháine ina ríocht chumhachtach neamhspleách aisti féin le roinnt aoiseanna as sin amach.
Féach freisin cuir in eagar
Foinsí cuir in eagar
- Francis John Byrne, "Irish Kings and High Kings", Baile Átha Cliath, 1973.
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Byrne 1973, ll. 92–93]