Ríochtaí áirithe in Éirinn na meánaoise ba ea Forthuatha (Sean-Ghaeilge Fortúatha) nach raibh faoi cheannas ard-ríocht an cheantair.[1][2] Deirtear fosta gur daoine de phór nó mianach éagsúil ná taoisigh na gcríoch,[3] ach a raibh scaití caidreamh suntasach acu leo.

Dreamanna Forthuath cuir in eagar

Seo a leanas roinnt dreamanna ar a tugadh 'fortuath' orthu: Cálraí, Ciarraí, Corca Fhir Trí, Dealbhna, Déise, Gailenga, Grecraige, Luighne Connacht agus Masraí.

B'fhéidir é go raibh stádais éagsúla ag dream áirithe ag brath ar a áit chónaithe. Mar shampla, d'fhéadfadh é go raibh sé ina fhorthuath i gceantar amháin, ach ina aitheachthuath i gceantar eile. Lena chois sin sa Laigin, bhíodh fir Dhál Messin Corb agus a phríomhclanna Uí Gharrchon agus Uí Eineachghlais ina ríthe ruirí an chúige, ach níos deireanaí ina bhfortuath.

Daoine cuir in eagar

Seo a leanas roinnt pearsana suntasacha de chuid forthuath:

Tagairtí sna hAnnála cuir in eagar

Iomaireacc Cille Coice, i t-torchair Ferghal, mac Dunghaile, mic Faolchon, tigherna Forthuath Laighen, lasan righ Donnchadh.
Cath Chill Coice, inar maraíodh Fearghal mac Dúnghaile mhic Fhaolchon, tiarna Forthuath Laighean, ag an rí Donnchadh.
  • ACM 776.16:
Cath Righe ria Feraibh Breagh for Laighnibh, la Samhna do shonnradh, in ro marbhadh Cu Congalt, tigherna Ratha Inbhir, & Ferghal, mac Ailella, tighearna Ceniuil Uchae.
Cath an Rí (abha) agus fir Bhreá in éadan na Laigean, lá Samhna de shonra, inár maraíodh Cucongalt (rí Uí Gharchon), tiarna Rath Inbhir (An tInbhear Mór), agus Fearghal mac Ailealla, tiarna Chineál Ucha.
  • AU 783.2: Domnall m. Ceiternaigh rex Nepotum [G]arrcon in clericatu, ... mortu[us est]
  • ACM 825.13:
Coscradh Dunaidh Laighean i n-Druim la Geintibh, du in ro marbhadh Conaing, mac Con Congelt, tigherna na f-Forthuath co sochaidhibh ile.
Coscairt Dhún Laighean i nDruim ag na Págánaigh (Lochlannaigh), inar maraíodh Conaing mac Cuchongelt, tiarna Fortuatha, agus sochaí eile.
  • AU 827.9: Coscradh dunaidh Laighen do gentibh ubi ceciderunt Conall m. Con Congalt, rex na Fortuath, & alii innumirabiles
  • ACM 972.10: Finsneachta, mac Cionaedha, tigherna Fortuath Laighen, d'écc.
  • ACM 983.4:
Domhnall Claon do mharbhadh lá h-Aodh, mac Echthighern do Uibh c-Ceinnsealaigh, & Fiachra, mac Finshneachta, flaith Forthuath Laighen, & Maol Mithigh, mac Gairbheith bheos tre thangnacht[4]
Maraíodh Domhnall Claon ag Aodh mac Echthighern Uí Chinnsealaigh, agus Fiachra mac Finsneachta, flaith Forthuath Laighean agus Maol Mithigh mac Gairbhith fós go fealltach
  • ACM 1039.5: Domhnall mac Donnchadha, tigherna Ua Faeláin, do mharbhadh lá Domhnall Ua Ferghaile, tigherna na b-Fortuath
  • CS 1043: Domnall h. Fergaile rí Forthuath Laigen do marbadh do mac Tuathail (a mhuintir féin).
  • ACM 1072.3: Ro marbhadh dna, ann Giolla Pháttraicc Ua Ferghaile, tigherna na Fortuath
  • ACM 1095.4:
At-báth don mhortladh ... Domhnall Dubh Ua Ferghaile, tigherna Forthuath Laighen
Fuair Domhnall Dubh Ó Fearghaile, tiarna Fortuath Laighean bás den phlá.
  • ACM 1170.28: Murchadh Ua Fearghail, tigherna na f-Forthuath, do mharbhadh lá h-Ua Fiachrach, tighearna Ua f-Fineachlais

Foinsí cuir in eagar

  • Thomas Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 14, 99, 102, 104, 116, 236, 534, 576, 674, 676, 678, 684, 685, 690, 693, 695, 705, Cambridge, 2000.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 45, 3ú heagrán, Baile Átha Cliath, 2001.
  • T.M. Charles-Edwards, Early Irish Saints’ Cults and their Constituencies, pp. 72–102, Ériu' 54, 2004.
  • Dáibhí Ó Cróinín, Ireland, 400-800, ll. 98, in A New History of Ireland, iml. 1, 2005. ISBN 0-19-821737-4
  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008. ISBN 978-1-84682-098-4

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 45
  2. forthuath, dream eachtrach, ar teanglann.ie
  3. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, lch. 27
  4. tangnacht ar eDIL; Lit., feall, ar eDIL


Category:Historical Celtic peoples Category:Gaelic-Irish nations and dynasties