Corca Fhir Thrí
Dream ársa lonnaithe sna tuatha Gaileanga, Luíne Chonnacht agus Corann ba ea Corca Fhir Trí (Sean-Ghaeilge Corco Fhir Trí).
Ríthe
cuir in eagarRíthe Luíne Chonnacht, duine ar dhuine, ba ea beirt fhear de chuid na Corca, mar a bhí Dobhailen mac Gormghus, (bás 885) agus a mhac, Uathmarán (bás 920). Ríthe dá mhuintir ina dhiaidh:
- ACM 928.6: Maol Da Bhonna, mac Dobhailén, toisech Luighne...
- ACM 928.7: ... Muirchertach, mac Eaghra, tighearna Luighne. ... do mharbhadh.
- ACM 944.9: Domhnall, mac h-Uathmharán, mic Dobhailen, tighearna Corca Fhir Trí, do écc.
- ACM 993.3: Fóghartach, mac Diarmada, mic Uathmaráin, tigherna Corca Fir Tri Connacht, do mharbhadh do Ghailengaibh Coraind.
- ACM 1031.18: Cu Slébhe ua Dobhailen, taoiseach Corca Fhir Tri, do mharbhadh i fiull (feall).
- ACM 1035.5: Cú Sléibhe, mac Dobhrain, tigherna Corca Fir Trí, d'écc.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Denis Walsh, Fir Thrí
Foinsí
cuir in eagar- Edmund Hogan, Onomasticon Goedelicum, Baile Átha Cliath, 1910.
- Edward MacLysaght, The Surnames of Ireland, Baile Átha Cliath, 1978.