Partraige

dream i nÉirinn luathstairiúil

Dream in Éirinn luathstairiúil ba ea Partraí (Sean-Ghaeilge Partraige).

Tuatha na luathmheánaois in oirdheisceart na gConnacht (Partraí sa lár)

Bhíodh go leor géaga a bhfuil fianaise ann orthu:

Is amhlaidh gurbh fhorthuatha iad uile, rud a chuireann in úil b'fhéidir gurbh finí níos ársa iad ná na dreamanna níos cumhachtaí le linn na luathmheánaoise. Mhol Francis John Byrne gur treibh réamhCheilteach a bhí ann sna Partraí.[2] Mhol sé fosta gur ghéag níos deireanaí acu ba ea Fir Umaill, lonnaithe thart ar Chuan Mó (Uí Bhriúin in am trátha).[2]

Níos deireanaí sa mheánaois, tháinig géaga Chonnacht na bPartraí faoi smacht na clainne Normannach Seoighe, a bhfuil 'Dúiche Sheoighe' ainmnithe astu.

Tá an t-ainm caomhnaithe sa cheantar Partraí an lae inniu.

Partraige an-t Sliebh cuir in eagar

Bhíodh Partraí an tSléibhe faoi cheannas taoisigh Uí Chadhain. Bhíodh an tuath faoi ghéillsine Chonmhaicne Cúile Tuireadh agus níos deireanaí clann Normannach Seoighe. Ba í Mainistir Naomh Breandán sa Choill Bheag , An Ros, Contae na Gaillimhe Galway a lárionad eaglasta.[3]

Partraige Locha cuir in eagar

Bhíodh Partraí Locha faoi cheannas taoisigh Uí Dhorchaí. Maraon le Partraí an tSléibhe, bhíodh siad faoi ghéillsine Chonmhaicne Cúile agus chlann Seoighe. Ba í mainistir Naomh Féichín i gConga, Cill Mheáin, Contae Mhaigh Eo, a lárionad eaglasta.[3]

Partraige Cera cuir in eagar

Bhíodh Partraí Cheara faoi cheannas taoisigh Uí Ghairmhiallaigh. Díbríodh iad go dtí ceantar Bhaile Óbha ag Fir Cheara Uí Fhiachrach Muaidhe, agus tógadh níos deireanaí i nDúiche Sheoighe isteach. Bunaíodh clochar sa tuath ag Ceathrú an Chlochair Theas, Baile an Róba, Cill Mheáin, Contae Mhaigh Eo.[3] Ba í mainistir Naomh Mo Chua as Balla an t-ionad eaglasta is tabhachtai sa tuath.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nollaig, "Some Early Connacht Population-Groups"
  2. 2.0 2.1 Byrne, Irish kings and high-kings, lch. 236.
  3. 3.0 3.1 3.2 Hamilton, Chuck (2013-12-01). "Notes from the Ninth Circle: Tribes of West Connacht and their churches". Dáta rochtana: 2019-02-20.