Umhaill
Tuath i gCúige Chonnacht na meánaoise ba ea Umhaill (Sean-Ghaeilge Umaill). In áit a cuid críoch inniu, faightear barúntachtaí Bhuiríos Umhaill agus Mhuraisce, mar atá, na tailte in aice le Cuan Mó, Maigh Eo.
Umhaill | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | ||||
Córas rialtais | Tánaisteacht |
Tuath uathrialach laistigh de Ríocht na hÉireann a bhí ann go dtí an bhliain 1576, nuair a ghlac a banríon Gráinne Ní Mháille leis an mbeartas 'géilleadh agus athbhronnadh', agus tugadh gníomhas teidil nua dí. Tar éis a báis, fuair a mac, Tiobóid na Long, na tailte le hoidhreacht.
Oidhre cuir in eagar
Mhair cultúr na nGael agus an Ghaeilge sa cheantar níos faide ná in aon cheantar eile in Éirinn.[fíoras?] Tá Acaill agus An Corrán inniu mar chuid de Ghaeltacht Mhaigh Eo.
Ríthe Umhaill cuir in eagar
An chlann leathstairiúil Tuath mhac nUmhoir ba ea ríthe is luaite Umhaill. Tugadh an t-ainm Uí Bhriúin Umhaill ar na ríthe stairiúla is luaite, chun bréag ghaol a mhaíomh le hUí Briúin na gConnacht. Faoin 12ú haois, bhí an sloinne Ó Máille glactha ag an rítheaghlach. Bhíothas den bharúil gurbh iadsan agus clanna Uí Dhubhda, Uí Fhlaithbheartaigh agus Mac Conraoi ina bpríomhchlanna mara na gConnacht.
Tagairtí sna hannála cuir in eagar
Annál | Meán-Ghaeilge | Gaeilge |
---|---|---|
AU 812.8 | Ar gennte la firu h-Umhaill. | Ár gall [Lochlannach] ag fir Umhaill |
AU 813.4 | Ar n-Umill la gennti ubi ceciderunt Coscrach m. Flainddabrat & Dunadhach rex h-Umhaill. | Ár Umaill ag gaill inar maraíodh Coscrach m. Flainddabrat & Dunadhach rí Umhaill. |
ACM 848.11 | Loch Laoigh h-i c-crich n-Umhaill la Connachtaibh do élúdh. | Loch Laoigh i gcríocha Umhaill sna Cuideachta, d'éalú |
AU 913.6 | Sloghedh la Niall m. n-Aedho co Connachta & cathroiniudh riam for ócu Tuaiscirt Connacht, .i. for Ou Amalngada & for Firu h-Umaill ... | Slógadh ag Niall Glúndubh go Connachta agus inflicted a battle-rout ar óglaigh thuaisceart Chonnacht, .i. ar Uí Amalgada agus ar fhir Umhaill, |
ACM 1002.10 | Conchobhar, mac Maoil Sechlainn, tigherna Corca Modhruadh, & Aicher ua Traighthech, do mharbhadh lá Feraibh Umhaill, co sochaidhibh oile. | Maraíodh Conchúr Mac Maoil Seachlainn, tiarna Chorca Mrua agus Aichear ó Trátheach ag fir Umhaill, le sochaí eile |
ACM 1219.5 | Dubhdara mac Muiredhaigh Ui Maille do mharbhadh i n-geimheal la Cathal Croibhdhercc i n-a longphort fein tré n-a mhighníomhaibh. | Maraíodh Dubhdara mac Muireadhaigh Uí Mháille i ngeimheal ag Cathal Crobhdhearg ina longphort féin trína míghníomhartha. |
ACM 1415.3 | Creach mhór do dhenamh d'Ua Mhaille .i. Aedh for Dhiarmaid Ua Mhaille, & Diarmaid do ghabháil oilén Uí Mhaille, & Aodh do dhul i n- iarmhóracht Diarmada, ferthar iomaireg etorra, & ro marbhadh Aodh Ua Máille tighearna Umhaill annsin lá Diarmaid & a mac Concobhar, & mac Tomáis Uí Mhaille. Ro marbhadh ann dna Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille. Ro scar oireachas Umhaill ré sliocht Aodha ó sin amach, & gabaidh Diarmaid tighearnas. | |
ACM 1417.5 | Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbertaigh, Ruaidhri mac Diarmada Duibh Uí Flaithbertaigh, & sé fir dhécc d' Uíbh Flaithbhertaigh imaille friú do bháthadh for Chuan Umhaill. |
Féach freisin cuir in eagar
Foinsí cuir in eagar
- Hubert T. Knox, The History of Mayo, lch. 303, 1908.
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- Umaill ar medievalscotland.org