Hubert Thomas Knox

Staraí Éireannach
(Athsheolta ó Hubert T. Knox)

Staraí Éireannach ba ea Hubert Thomas Knox MRIA FRSAI (1845–1921).

Infotaula de personaHubert Thomas Knox
Beathaisnéis
Breith1845
Bás1921
75/76 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Harrow
Windlesham House School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata

Teaghlach cuir in eagar

An tríú mac ba ea é le Charles Knox as Baile an Róba,[1][2] a bhí ina Ard-Sirriam Mhaigh Eo sa bhliain 1860 agus coirnéal i Mílíste Thuaisceart Mhaigh Eo. Lady Louisa Browne, deirfiúr George Browne, 3ú Marcas Sligigh, ba ea a mháthair. Bhí a dheartháir is sine, Charles Howe Cuff Knox, ina Ard-Sirriam Mhaigh Eo sa bhliain 1873, coirnéal sa 3ú cathlán desna Fiannóglaigh Chonnacht agus captaen an 8ú Hussars.[2] James Cuffe, 1d Bharún Thír Amhlaidh ba ea a shin-seanathair.

Gairm bheatha cuir in eagar

Cuireadh oideachas air ag Windlesham House School agus Harrow School.[3] Rinne sé Dlí ag Middle Temple ag tosú sa bhliain 1863 agus glacadh leis mar abhcóide sa bhliain 1868. Bhí sé ar feadh scaithimh sa Indian Civil Service ag Visakhapatnam,[1] agus freisin sa Nilgiris district.

Scríobh sé roinnt leabhar fair stair na hÉireann. Toghadh é mar comhalta an Royal Society of Antiquaries of Ireland sa bhliain 1896.[4]

Saothair cuir in eagar

  • The De Burgo clans of Galway, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, imleabhar one, ii; The manor of Admekin (Headford) in the thirteenth century, iii, 1900–01
  • Notes on the Early History of the Dioceses of Tuam, Killala and Achonry, 1904.
  • The History of Mayo to the Close of the Sixteenth Century, 1908.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Teimpléad:Cite Men-at-the-Bar
  2. 2.0 2.1 Teimpléad:Lua idirlín web
  3. Malden, Henry C. (1902). "Muster Roll. Windlesham House, Brighton. A.D. 1837 to 1902". Brighton: H. & C. Treacher. 
  4. "Proceedings (Second General Meeting)" (Iúil 1896). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 6. JSTOR 25508319.