Fir Dhál Éachmacht (Sean-Ghaeilge Fir Ól nÉcmacht[1]) ba ea an t-ainm a tugadh do chine a mhair in Éirinn réamhstairiúil.

Sanasaíocht cuir in eagar

Is amhlaidh gurb í brí Ól ná "Dál" (.i. Dál gCais, Dál Riada), agus an bhrí iomlán ná Daoine Chine Échmacht , agus Échmacht mar ainm sloinne.

Nagnatae cuir in eagar

Creideann roinnt scoláirí go bhfuil nasc idir Fir Ól nÉchmacht agus an treibh Nagnatae luaite ag Tolamaes ina shaothar den dara haois AD, Geografaíocht.[2]

Connachta cuir in eagar

Bhí an tír go léir taobh thiar den tSionainn, a bheag nó a mhór, ainmnithe astu, 'sé sin, Cóiced Ól nÉchmacht (Cúige Dhál Éachmacht) go dtí an c. 5ú-7ú haois stairiúil. Le teacht chun cinn na gConnacht, áfach, athainmníodh go Cúige Chonnacht é.

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ól n-écmacht ar eDIL
  2. T. F. O'Rahilly. "Early Irish History and Mythology": 2, 11–12. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath year = 1946.