Cóiced Ól nÉchmacht
Ainm ársa ar Chúige Chonnacht is ea Cúige Ól Éagmacht (Sean-Ghaeilge Cóiced Ól nÉcmacht[1]).
Fir Ól nÉchmacht is ea leagan eile dá ainm. In am trátha, tháinig na Connachta chun cinn. Sháraigh siad Fir Ól nÉchmacht agus tugadh an t-ainm Cúige Chonnacht ar an gceantar.
Tíreolaíocht
cuir in eagarMeastar go bhfuil nasc idir an t-ainm 'Échmacht' agus treibh darbh ainm Nagnatae ar léarscáil Tolamaes de chuid an 2a haois AD.
Bhí trí phríomhthreibh ann i bhFir Ól nÉchmacht :
- Fir Craibe: suite ó Luimneach go dtí Pálás Fhiodaigh in oirthuaisceart Aidhne, a mheastar. Níos déanaí, d'ionghabhfaí Tuamhain taobh ó dheas d'Aidhne, sa Mhumhain isteach, mar atá fós.
- Tuatha Taiden: sínte ó Fhiodach soir trasna na Sionainne i dtreo Teamhrach, ar chomhchríocha is dócha le hUí Mhaine ar a mhéid is mó.
- Gamanraige: ón nGaillimh go dtí An Drobhaois agus An Duibh san oirthuaisceart. Ráth Eochach ba ea a príomhionad, ar a glaodh níos deireanaí Ráth Cruachan. Is amhlaidh gurbh iad na críocha seo ina Chúige Ól Éachmacht ó cheart l.
Tuatha Ol nEchmacht
cuir in eagarSeo a leanas tuartha Ól nÉchmacht a bhfuil eolas orthu:
Tuath | Suíomh |
---|---|
Badhna | éiginnte |
Bunrath | tuaisceart Bhaile Átha an Rí/iardheisceart Tuaim |
Cairpre | Droim Chliabh, Contae Shligigh |
Cálraige | teorainn idir Contaetha Sligigh agus Liatroma |
Cattraige | éiginnte |
Ciarraige | lár Chontae Mhaigh Eo |
Clann Úmóir | Oileáin Árann, Gaillimh agus Maigh Eo |
Conmaicne | iarthar agus tuaisceart na Gaillimhe |
Corca Fhir Thrí | deisceart Chontae Sligigh |
Corco Moga | oirthuaisceart na Gaillimhe |
Dál nDruithne | soir ó Bhaile Locha Riach |
Dartraige | iarthuaisceart Chontae Liatroma |
Delbna | deisceart Chontae Ros Comáin, agus an dá thaobh d'Abhainn na Gaillimhe |
Erdini | Contae Liatroma agus Contae an Chabháin |
Fir Craibe | Contae an Chláir (cuid desna Connachta ansin) agus iardheisceart na Gaillimhe |
Fir Domnann | iarthar Mhaigh Eo |
Gabraige | le taobh na Suca |
Gamanrad | iarthar Chuan Chill Ala |
Gailenga | lár Mhaigh Eo |
Luigne | oirthear Mhaigh Eo |
Mairtine Mór | géag de thuath na Mumhan |
Medraige | Meáraí, Órán Mór sa lá atá inniu ann |
Nagnatae | Contae Shligigh |
Óic Bethra | Droichead an Chláirín |
Partraige | Conamara agus Partraí, Maigh Eo |
Senchineoil | Béal Átha na Sluaighe |
Soghain | lár-oirthear na Gaillimhe |
Tuatha Taiden | oirthear na Gaillimhe agus deisceart Ros Comáin |
Uaithne | Ros Comáin, Gaillimh (is dócha Auteini Tholamaes) |
Uí Mail | ceantar thart ar Chuan Mó |
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Denis Walsh, Ireland c. 150
Foinsí
cuir in eagar- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1636.
- Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, Leabhar Mór na nGinealach, 1649–1666.
- Ruaidhrí O Flaithbheartaigh, Ogygia, 1684.
- T. H. Knox, The History of Mayo, 1908.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ écmacht, gan chumhacht, ar eDIL; Ól n-écmachtar eDIL