Iris acadúil is ea Éigse: A Journal of Irish Studies, tiomanta don Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge.

Tosaíodh é sa bhliain 1923 mar chuid de thogra ag Seanad Ollscoil na hÉireann chun Ciste Adam Boyd Simpson a úsáid um iriseán faoi Léann Ceilteach a fhoilsiú. Tháinig an iris seo, darb ainm Lia Fáil, amach don chéad uair sa bhliain 1926, eagraithe ag Douglás de hÍde, ollamh na Nua-ghaeilge ag an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Foilsíodh an dara imleabhar sa bhliain 1932, nuair a chuaigh Hyde ar scor ó UCD.

Nuair a cuireadh an ciste go heisiach i leataobh don iris sa bhliain 1938, d'éirigh Gerard Murphy ina eagarthóir de. D'athraigh sé an t-ainm go Éigse: A Journal of Irish Studies, agus d'fhoilsigh sé a chéad imleabhar sa bhliain 1939, agus go rialta as sin amach. Is é Liam Mac Mathúna an príomheagarthóir reatha.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar