Gearóid Mac Niocaill

scoláire Sasanach

Ar duine desna scoláirí is iomráití de chuid na 20ú haoise ba ea Gearóid Mac Niocaill (1932–2004) agus béim ar leith aige ina chuid oibre ar dréachtaí Éireannacha na meánaoise déanaí.[1]

Infotaula de personaGearóid Mac Niocaill
Beathaisnéis
Breith28 Márta 1932
Bás9 Márta 2004
71 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leeds Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
GairmCeiltíoch, staraí Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Mac Niocaill in Hull, Sasana sa bhliain 1932. Éireannach ba ea a mháthair.

Bhain Mac Niocaill céim BA amach le Laidin agus Francais ó University of Leeds sa bhliain 1953.[2] Bhog sé ansin go hÉirinn, áit a bronnadh scoláireacht iarchéimí ag an Scoil Léinn Cheiltigh san Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1956, cuireadh na lámhscríbhinní i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faoina chúram. Chuir sé isteach a thráchtas dochtúra dar teideal Cáipéisí i nDlí i nGaeilge 1493–1621 sa bhliain 1962.[2] Trí bliana i ndiaidh sin, ceapadh Mac Niocaill ina ollamh cúnta an Scoil Léinn Cheiltigh ag an Institiúid. Bhí Mac Niocaill ansin is ollamh le stair ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in mbliain 1977 go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1997.

Thóg a chuid oibre feadh saoil sa Ghaeilge ar an traidisiún tosaithe ag scoláirí Sasanacha eile amhail is Robin Flower (An Bláithín) agus Seoirse Mac Thomáis. D'fhoilsigh sé eagráin as Laidin, agus as Gaeilge ach go háirithe, faoi lámhscríbhinní meánaoiseacha suntasacha rud a chuir teorainn ar a phobal acadúil ach a léirigh a thiomantas don Ghaeilge. Mar sin féin, is é a shaothar Na Buirgéisi, xii-xv aois (1964), scríofa as Gaeilge agus Laidin, ar cheann desna téacsanna faoina na buirgéisigh agus buirgí i nÉirinn na meánaoise déanaí, a dhéantar lua air is minicí. Pléann sé ann eagar bunreachta na mbailte Gael-Normannacha den ré úd.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar