Flann mac Conghalaigh

Rí Bhreá

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Flann mac Conghalaigh (Sean-Ghaeilge Flann mac Congalaig) (bás 812). Congalach mac Conaing (bás 778), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 786 go dtí 812.

Infotaula de personaFlann mac Conghalaigh
Beathaisnéis
Bás812
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteConaing mac Flainn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConghalach mac Conaing

Bhí Síol Aodha Sláine cloíte go dona sa bhliain 786 ag an Ardrí, Donnchadh na Mí (bás 797), de Chlann Cholmáin. Sa bhliain 795, mharaigh Flann mac Dhonnchadha, Conn,[2] ag fleá i dtigh Cumalcaich. Deirtear maidir le bás Choinn:[3]

Coirm do-ronadh la h-ua Olcáin
issedh dot chath de linn gráin,
Tuctha descaid do ó Flann
co ruc a cend o bebail.[4]
Coirm do rinneadh ag Ua Olcain,
a caitheadh de lean gráin,
Tugadh deascadh dó ag Flann
a rug a cheann ó bhás.

Tugtar an teideal rí na gCiannacht (rex Ciannachtai) dó ina thásc don bhliain 812.[5] Rinneadh rí Bhreá fosta dá Mhac son Conaing (bás 849).

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 795.2
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 790.8
  4. ? baillid, éagann, básann, ar eDIL
  5. AU 812.5