Niall mac Conaill

Rí Dheisceart Bhreá

Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Niall mac Conaill (bás 778). Conall Grant mac Cearnaigh (bás 718), a bhí in iomaíocht le haghaidh ardcheannais sa Bhreá uile sna 710í, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 771 go dtí 778.

Infotaula de personaNiall mac Conaill
Beathaisnéis
Bás778
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairConall Grant mac Cernaig

Tar éis bhás Chairbre mhic Fhógartaigh Uí Chearnaigh sa bhliain 771, tháinig Uí Chonaing as Cnóbha ar ais i gceannas i mBreá le Conghalach mac Conaing (bás 778). Tháinig Niall i gceannas ansin i nDeisceart Bhreá.

Ba bhall é Niall de Shíol Chonaill Ghraint, fochlann Uí Chearnaigh bunaithe ag Galltroim, ach bhí an phríomhchlann i gceannas mhuintir an Ardrí, Fógartach mac Néill (bás 724), bunaithe ag Loch Gabhair.[2] Tháinig éilitheoir, Cumascach mac Fógartaigh, chun a dhúshlán Niall a thabhairt. Sa bhliain 777, tharla Cath Ghalltroim eatarthu, inar maraíodh rí na Déise Bhreá, Échtgus mac Baeth.[3]

Sean-rí ba ea Niall nárbh aon bhagairt ar an Ardrí, Donnchadh na Mí (bás 797), a bhí i mbun a sheacht a chur ar Bhreá ag an am sin. Ní raibh sé ar an bhfód ag Cath Forchalad sa bhliain 778, inar maraíodh Conghalach Bhreá.[4]

Glaoitear rí Dheisceart Bhreá ar Niall ina thásc.[5] Rinneadh fosta ríthe Dheisceart Bhreá dá mhic, Conall (bás 815) agus Diarmaid (bás 826).

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Charles-Edwards, lch. 572, 577
  3. Annála Uladh, AU 777.2
  4. AU 778.1
  5. AU 778.7