Cuala

tuath Ghaelach
(Athsheolta ó Cualu)

Tuath Gaelach i gcúige Laighean taobh ó dheas den Life ba ea Cuala (Meán-Ghaeilge Cualu) agus Sléibhte Chill Mhantáin cuimsithe ann.[1]

Stair cuir in eagar

Déanann James MacKillop nasc idir Fir Chualann agus na Cauci le feiceáil ar léarscáil Tolamaes.[2] Mhol T. F. O'Rahilly an nasc céanna sa bhliain 1946.[3]

 
Léarscáil d'oirdheisceart na hÉireann sa 16ú haois. Feictear 'Fercullen' san oirthuaisceart.

Bhí críocha Chualann suite idir an tInbhear Mór agus an Life agus iad ar comh-achar le deoise Ghleann Dá Loch.[4]

D’áitigh Henry Morris, de réir scéil san Fhéineachais, go raibh cónaí ar Fhir Chualann níos faide ó thuaidh,[5] i mBreá timpeall na Teamhrach, go dtí gur chuir na Ciannachta an ruaig orthu tar éis Chath Chríonna.[6]

I Leabhar Gabhála Éireann, mac le Breogán ba ea Cuala. Bhunaigh a dheartháireacha trí thuath ó thuaidh: Breá, Conaille Muirtheimne agus Cuaille.[7] Iníon le Conán, rí Chualuann, ba ea Maebh Leathdhearg sna seanscéalta.[6]

I measc ríthe na Laighean d'Fhir Chualann, bhí Criomhthann mac Aodha Cualann[8][9] (bás 633) agus Ceallach Chualann (bás 715). Fuair Tuathal mac Criomthainn, rí Chualann, bás sa bhliain 778.[10][11]

Le linn na Normannach, tuath nua Lú ba ea "Fir Chualann" agus í suite i dtuaisceart Chill Mhantáin i gcríocha Uí Thuathail. Bunaíodh Eastát Chúirt an Phaoraigh ar na críocha sin.[12]

Nósanna cuir in eagar

De réir téacsanna éagsúla, bhí ceart ag Ardrí na hÉireann[13] nó ag rí na Laighean ar "leann Chualann".[14]

Téann Slí Chualann chuig Cnoc na Teamhrach, ag trasnú na Life ag Áth Cliath. Is sliabh suntasach i dtuaisceart Chill Mhatáin é Ó Cualann.[15][16].

Le linn athbheochan na Gaeilge, mhol Conradh na Gaeilge go dtabharfaí Cuala ar dheisceart Átha Cliath agus ar thuaisceart Chill Mhantáin.[4] Ceapadh an t-ainm Brí Cualann do Bhré, ach dhiúltaigh An Coimisiún Logainmneacha dó.[17]. Is club CHumann Lúthchleas Gael é Cuala CLG agus é suite i nDeilginis.

Clóphreas príobháideach ba ea Cuala Press agus é bunaithe ag deirfiúracha W. B. Yeats. Is ann a d'fhoilsigh siad saothair leis féin agus lena chairde.

Grúpa cheoil traidisiúnta ba ea Ceoltóirí Chualann. Bhunaigh an cumadóir Seán Ó Riada é sna 1960í agus d’ainmnigh as a cheantar dúchais é.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. MacKillop, James (2004). "Cualu, Cuala, Cualann". A dictionary of Celtic mythology. Oxford University Press. ISBN 9780191726552. Aisghafa 17 September 2018.
  2. MacKillop, James (2004). "Cualu, Cuala, Cualann". A dictionary of Celtic mythology. Oxford University Press. ISBN 9780191726552.
  3. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, ll. 24-27, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (1946, 1984)
  4. 4.0 4.1 "Onomasticon Goedelicum (C)". Dáta rochtana: 17ú Meán Fómhair 2018.
  5. "Stories from the Law-Tracts" (1932). Ériu 11: 42–65 : 50. JSTOR 30008086. 
  6. 6.0 6.1 "Ancient Cualu: Where Was It?" (1937). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 7 (2): 280–283. JSTOR 25513885. 
  7. "The Sons of Bregon" (1950). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 80 (1): 77–89. JSTOR 25510712. 
  8. Annála Tiarnaigh, AT 636.2
  9. Charles-Edwards 2006, lch. 138, n.5
  10. Annála Uladh, AU 778.7
  11. Charles-Edwards 2006, lch. 243
  12. "Powerscourt and the Territory of Fercullen" (1953). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 83 (2): 117–132. JSTOR 25510868. 
  13. Ó Máille, Tomás (1928). "Medb Chruachna". Zeitschrift für celtische Philologie 17: 129–146 : 145. doi:10.1515/zcph.1928.17.1.129. 
  14. "The Taboos of the Kings of Ireland" (1951). Proceedings of the Royal Irish Academy, Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature 54: 1–36 : 13. JSTOR 25506011. 
  15. féach 3 ó ar eDIL
  16. "Irish Hill and Mountain Names" (Feabhra 2012). Dáta rochtana: 17ú Meán Fómhair 2018.
  17. "Bré/Bray". Dáta rochtana: 17ú Meán Fómhair 2018.