Cian d'Fhearaibh Bolg

rí Éireannach

An rí deireanach de mhuintir Senchineoil as Cóiced Ól nÉchmacht, .i. cúige Chonnacht an lae inniu, ba ea Cian d'Fhir Bholg (Sean-Ghaeilge Cían d'Fhearaibh Bolg).

Infotaula de personaCian d'Fhearaibh Bolg

Meastar gurbh Fhir Bholg miotasacha iad an Seanchineál. Mhol T. F. O'Rahilly gur spreagadh na Fir Bholg ag na hIverni agus na Laigin stairiúla. Ní ghlactar seo go forleathan i measc scoláireachta Éireannaí, ámh, toisc nach bhfuil nasc nó ceangal idir na dreamanna úd sa chorpas ar marthain, cé is moite de tuairimíocht teangan. B'fhéidir é go raibh gaol acu leis na Fir Domnann, lonnaithe i gcúige Chonnacht.

Díbríodh na Fir Bholg Chonnacht as a n-áit dúchais ag Clann Chuáin agus muintir na nGaoidhil. Agus a rí Aonghas mac Úmhóir i gceannas, chuaigh siad ar deoraíocht go dtí Cuan na Gaillimhe agus Oileáin Árann. De réir seanscéil, thóg Aonghas an dún ar Inis Mór, mar atá Dún Aonghasa, ainmnithe as fós. Tharla na heachtraí seo sa dara haois RC, dar le hÓ Rahilly.

Lonnaigh Conall Caol mac Aonghasa lena mhuintir i ríocht Aidhne.

Greallan agus Uí Mhaine

cuir in eagar

Bhunaigh an misinéir Críostaí, Naomh Greallan, a chill ag Cill Chluaine (gar do Bhéal Átha na Sluaighe) ar Mhaigh Sheanchineáil. Deirtear gur fhreastail Cían ar an naomh ann.

Ag an am seo, d'ionsaigh géag Oiriall faoi cheannas Eochadha Ferdaghiall, i dteannta lena mhac Máine Mór agus a gharmhic Amhalaidh agus Breasal mac Maine Mhóir. De réir Leabhar Uí Mhaine:

Do ghluaisiodar na glan-shluaigh sin go h-obann,[1] arrachta, 'na g-catha coirighthe, co na d-taintib agus tredaib, o Chlochar mac Daimhin go Druim Clasach, ris a n-abarthar Tir Maine, itir Loch Ri agus Suca. Ro airgeadar an tír, agus ro chuirsiod teachta uatha go Cian, .i. tigerna an tire, go Mag Seinchineoil, agus ro innisiodar aicme Cholla dá Chrioch do bheith acc cuinge[2] cíosa agus criche fair; agus ro h-eaglaigheadh Cian ris na h-iomráitibh sin. Ro thinoil a throm shluaicch, agus ro b'é a lion, .i. deic cet ar fichit, ac a raibi scciath, agus cloideamh, agus cathbarr
Gluaiseadar na glan-sluaite sin go tobann, arrachtais, ina gcathláin cóirithe, lena táinte agus tréada, ó Chlochar Mac Daimhin chuig Druim Clasach, ar a nglaoitear Tír Mhaine uirthi, idir Loch Rí agus an tSuca. D'argadar an tír, agus chuireadar teachta uathu go Cian, .i. tiarna na tíre, chuig Maigh Sheanchineáil, agus d'insíodar leis, go raibh aicme Cholla dá Chríoch tagtha chun cíosanna agus críocha a éilimh air; agus bhí eagla ar Chian roimh an iomrá seo. Thionóil sé a throm-sluaite, agus ba é a líon, .i. deich gcéad ar fichid, ag a raibh sciath agus claíomh agus cafarr.

Luann Mac Fhirbhisigh rann ar an airm:

Aoinfhear as gach lios amach
as eadh do thigeadh le Cian
a Maigh Sencheneiol, ni breug
dech cceud are fhichit ceud sgiath.
Aon fhear as gach lios amach
is ea a chuaigh le Cían
as Maigh Sheanchineál, ní bréag
deich gcéad agus fiche céad sciath.

Sos cogaidh

cuir in eagar

Chun troid agus doirteadh fola eile a chosc, shocraigh Greallan sos cogaidh idir Cuan agus na hOirialla. D'ullmhaigh Cian fleadh chun é seo a cheiliúradh, ach ghabh sé Amhalaidh mar ghiall ann. Bhí sé ar intinn ag Cian trí Amhalaidh iachall a chur ar Mháine Mór cúlú. Bhí caidreamh collaí ag Amhalaidh le bean chéile le gaiscíoch Chéin, a mharaigh é. Chinn Cian ansin ionsaí gan coinne a dhéanamh ar na hOirialla.

Tháinig Greallan ar an eolas faoi arm na bhFear Bolg, rud a chuir i sáinn é ó gach taobh, agus é ina ráthóir an sos cogaidh.

O 't-chonairc Greallan o dhorus a reclera na h-armo con mor shochraide sin, sinidh an da dhóid do chum an Duileamhain, iar n-a imdhearccadh ar eagla a slánaiccheachta do mhilleadh, agus fuair a itghe[3] ó Dia, gur boccadh an magh mor sin fo chosaib Chéin co n-a mhuintir, go n-dearnadh cuthaidhe[4] agus criathrach de, gur sluicceadh Cian co n-a mhuinntir tres na feartaibh sin: conadh Mag Liac ainm an mhuighe sin ó dhoilgios[5] na laochraidhe d'a n-dioghbail[6] do'n naomh-chléireach.
Ó dhoras a chille, chonaic Greallan na hairm, agus na mór-shochraidí, shín sé a dhá dhóid chun Dúileamhan (Dé), agus é imdheargadh ar eagla a slánaíocht a mhilleadh, agus fuair sé impí ó Dhia, gur bogadh an magh mór sin faoi chosa Chéin agus a mhuintir, go ndearnadh coreaí agus criathrach de, gur slogadh Cuan agus a mhuintir trí na fearta sin; agus Magh Liach ainm na má sin ó chumha na laochraí a dhiongbháil don naomh-chléireach.

Rinneadh naomh phátrún Uí Mhaine de Ghreallan.

Ní fheictear na Seanchineál ach go hannamh sna téacsanna atá ar marthain. Ní léir é an ionann iad agus na Soghain, nó an Fir Bholg iad dís. Scríobh Mac Firbhisigh nach raibh eolas ar bith ann faoi Chian agus a mhuintir óir gur mheasc siad le chéile leis an gclann Mhíle. Deir go raibh cónaí orthu i dtuaisceart Uí Mhaine, agus i dteannta sin go raibh cúig ghéag suite ó bhruach thoir Loch Coirib go dtí an tSuca, chomh maith le cheantar eile i gContae an Chláir taobh leo.

  • T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946 (athchló 2003)
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971; 2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dubhaltach Mac Firbhisigh, Leabhar Genealach. The Great Book of Irish Genealogies, (ed. Nollaig Ó Muraíle), Baile Átha Cliath, De Burca, 2003–2004
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • —, The Senchineoil and the Soghain: Differentiating between the pre-Celtic and early Celtic Tribes of Central East Galway, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, Imleabhar 58, ll. 165–170, 2006.
  • The Tribes and Customs of Hy-Many, Corpus of Electronic Texts
  1. 2 obann, tobann, gasta, ar eDIL
  2. 1 cuingid, éilimh, ar eDIL
  3. itge, itche, impí,
  4. ?
  5. doilge (b), cumha, lean, ar eDIL
  6. dingbáil ('n' in easnamh?), diongbháil (Lit.), ruaigeadh, ar eDIL