Dún Aonghasa

séadchomhartha i gContae na Gaillimhe

Séadchomhartha stairiúil is ea Dún Aonghasa[1] in Inis Mór. Is suíomh tábhachtach seandálaíochta é, agus bíonn an-tóir ag turasóirí air.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Dún Aonghasa
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta agus dún rinne
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire
Map
 53°07′33″N 9°45′59″W / 53.12591°N 9.76636°W / 53.12591; -9.76636
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir43

Stair cuir in eagar

Ní fios cathain go díreach a tógadh Dún Aonghasa i dtús báire, cé go gcreidtear anois go raibh an chuid is mó de na struchtúir ann chomh fada siar leis an gCré-Umhaois agus leis an Iarannaois.[2] An tuairim a bhí ag an scoláire Tomás Ó Rathile ná gurb iad na Builg a thóg Dún Aonghasa le linn an dara haois.[3] Fuarthas amach ó thochailtí seandálaíochta ar an suíomh gur tosaíodh an tógáil thart ar 1100 RC, nuair a carnadh spallaí ar chlocha móra seasta chun an chéad bhalla a chruthú. Creidtear gur tógadh na ballaí cosanta ar an taobh thiar den Dún thart ar 500 RC.[4]

Inniu cuir in eagar

Atógadh ballaí Dhún Aonghusa sa 20ú haois agus tá siúláin, seomraí, agus staighrí iontu anois. Is furasta na ballaí nua a aithint toisc gur baineadh úsáid as moirtéal san athchóiriú.

Tá iarsmalann bheag i ngar do Dhún Aonghasa ina bhfuil taispeántais ar stair an Dúin.

Suímh chóngaracha cuir in eagar

Tá suímh réamhstairiúla eile in Inis Mór atá cosúil le Dún Aonghasa: Dún Dúchathair, Dún Eoghanachta, agus Dún Eochla ina measc, chomh maith le Dún Chonchúir atá suite ar Inis Meáin.

Gailearaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dún Aonghasa/Dunaengus | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. New Oxford History of Ireland
  3. O'Rahilly, T. F. (1984). "Early Irish History and Mythology". Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies. 
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-11. Dáta rochtana: 2021-04-13.

Naisc sheachtracha cuir in eagar