Is é Dún Chonchúir an ceann is feiceálaí de na caisil chiorclacha nó ubhchruthacha in Oileáin Árann: an caiseal cloiche is mó d'aon cheann eile dá leithéid sna hoileáin. Tá sé suite ar an bpointe is airde d'Inis Meáin. Ciorcal ollmhór atá i gceist, agus ballaí cloiche an-tiubha ag éirí ar chúl a chéile. Ina mhéid, ina dheilbh agus ina dhéanamh is cosúil é leis na dúnta móra in Árainn Mhóir. Tá radharc leathan le feiceáil ó bharr na mballaí seo. Tógadh an dún sa Chré-umhaois nó san Iarannaois.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Dún Chonchúir
Íomhá
Sonraí
CineálLios
Suíomh geografach
SuíomhInis Meáin
Map
 53°05′00″N 9°35′41″W / 53.0833°N 9.5947°W / 53.0833; -9.5947

Nuair a chonaic Seán Ó Donnabháin an dún i 1839, bhí drochbhail ar na bealaí isteach agus ar na chocháin laistigh. Athchóiríodh iad agus atógadh cuid díobh tuairim 1880.


Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar