Inis Mór, Árainn
Tugtar Inis Mór[1] go minic ar an oileán is mó de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gContae na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Is é Árainn ainm oifigiúil an oileáin, agus is é 'Árainn' freisin is mó a thugann muintir Oileáin Árann féin ar an oileán sin. Bunaithe ar 'Inishmore' an Bhéarla - leagan a cumadh sa 19ú céad - a tháinig an leagan truaillithe Gaeilge 'Inis Mór' chun cinn.
(ga) Árainn | ||||
Cineál | Oileán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Oileáin Árann | |||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Oileáin Árann | |||
Logainm.ie | 938 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na Gaillimhe, Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Cuan na Gaillimhe | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 123 m | |||
Toisí | 38 () × 14 () km | |||
Achar | 31 km² | |||
Tá Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar an oileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe.
Áiseanna
cuir in eagarIn 2024, d'fhógair Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht nua; tá os cionn €3 milliún le caitheamh chun forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche, a bheidh lonnaithe san áit a mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann i gCill Rónáin.
Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht síneadh a chur le séasúr turasóireachta na n-oileán, taithí an chuairteora a fheabhsú agus leas eacnamaíochta agus cultúrtha a dhéanamh do phobal na háite. Tá sé i gceist caifé agus áiseanna eile do thurasóirí a fhorbairt mar chuid den togra, chomh maith le háiseanna gur féidir le muintir na háite úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta thart.[2]
Beidh ionad ann a inseos scéal oidhreachta Árann do chuairteoirí agus beidh sé oscailte an bhliain ar fad – do thurasóirí agus freisin do mhuintir an oileáin a bheas in ann é a úsáid le teacht le chéile ann.[3]
An Ghaeilge ar Inis Mór
cuir in eagarCé nach bhfuil An Ghaeilge chomh láidir ar Inis Mór 's atá sí ar Inis Oírr agus Inis Meáin, tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Mór. I ndaonáireamh 2016 fuarthas amach go bhfuil Gaeilge ag 81% de mhuintir an oileáin agus go labhraíonn 59% den ndaonra an Ghaeilge go laethúil.
Áitritheoirí aithnidiúla
cuir in eagar- Naomh Éanna, misinéir na luath-Chríostaíochta (básaíodh t. 530).
- Maura Derrane, láithreoir teilifíse de chuid RTE (rugadh 1970).
- Bríd Ní Ghiolláin (Bridget Dirrane), bean a raibh céad slánaithe aici.
- Máirtín Ó Direáin, file Gaeilge (1910-1988).
- Liam Ó Flaithbheartaigh, scríbhneoir, (1896–1984).
- Mahon mac Turlough Mantach Ó Briain, Taoiseach Árann, (básaíodh 1565).
- Murrough mac Toirdelbach Ó Briain, Taoiseach Árann, (1575 - 1588).
- Pat Mullen, aisteoir agus scríbhneoir (1901- t.1976).
- Breandán Ó hEithir, scríbhneoir agus craoltóir, (1930–1990).
- Murrough na dTuadh Ó Flaithbheartaigh, Taoiseach Iar-Chonnachta, (1569-1593).
- Ceannanach, misinéir na luath-Chríostaíochta (490-500?)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Inis Mór/Inishmore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (14 Meán Fómhair 2024). "Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-09-13). "€4 mhilliún do thograí turasóireachta ar oileáin Ghaeltachta" (as ga-IE).