Liam Ó Flaithearta

scríbhneoir Éireannach
(Athsheolta ó Liam Ó Flaithbheartaigh)

Scríbhneoir mór as Árainn ba ea Liam Ó Flaithearta,Liam O'Flaherty (28 Lúnasa 1896 - 7 Meán Fómhair 1984).[1] Ba é an cainteoir dúchais Gaeilge é is mó a ndeachaigh a chuid leabhar Béarla i gcion ar mhuintir an domhain.[2] I mBéarla a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, agus scríobh sé dánta Gaeilge ó am go chéile.

Infotaula de personaLiam Ó Flaithearta

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Lúnasa 1896
Inis Mór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Meán Fómhair 1984
88 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte, úrscéalaí, scríbhneoir, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhillteach
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Teaghlach
CéileMargaret Barrington Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0641018 Allocine: 84372 Allmovie: p169629 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba scríbhneoir freisin é Tom O'Flaherty, deartháir leis.

Saol cuir in eagar

Rugadh an Flaitheartach ar an 28 Lúnasa 1896 i nGort na gCapall in Árainn. Ba é an naoú duine clainne agus an dara mac é a rugadh do Mhicheál Ó Flaithearta, talmhaí i nGort na gCapall, Árainn, agus dá bhean Margaret Ganly.[2]

 
Árainn

Chuaigh sé ar Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, agus ansin ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, cé nárbh fhada ann é.

Liostáil sé san arm faoin ainm Bill Ganly in 1915 agus chuaigh séag troid thar lear sa Chéad Chogadh Domhanda. Ach i Meán Fómhair 1917 ag Langemarch sa Bheilg d’fhulaing cathshuaitheadh.[2] Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Chaith sé tamall le mionphoist i Londain sula bhfuair sé obair mar chothromóir lasta ar ghaltán a bhí ag triall ar Rio de Janeiro, is cosúil. Thaistil sí thart ar an domhan, nó sin a scríobh sé. Chaith sé seal i mBostún lena dheatháir, Tom. Bhí baint acu le cúrsaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe, leis an gCumannachas go mór mór. Mhol a dheartháir Tom dó dul i mbun pinn, rud a rinne se i dtús báire d'iris Chumannach.

D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i ndeireadh 1921. Ar an 18 Eanáir 1922, bhí sé páirteach in agóid shóisialach sa Rotunda i mBaile Átha Cliath, agóid nár mhair ach trí lá.[3] Cuireadh brat dearg na gCumannach ar crochadh as ceann de na fuinneoga. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach na hÉireann timpeall an ama sin.

In Hollywood is mó a bhí Liam Ó Flaithearta ó Aibreán 1934 go dtí Meitheamh 1935. Bhí a fhear muinteartha John Ford ag déanamh scannáin ag an am d’úrscéal eile a scríobh sé, The Informer.[4]

Saothair cuir in eagar

Thug sé Londain air féin sa bhliain 1922 agus thosaigh ag scríobh. Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí amach air mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin.

Ar na úrscéalta a scríobh sé tá Famine, The Black Soul, Return of the Brute, The Informer, The Assassin, The Martyr, Land, The Pilgrim, Insurrection, The Wilderness, Thy Neighbour's Wife, Mr Gilhooley, agus Skerritt.

Cuireadh trí leabhar beathaisnéise leis i gcló: I went to Russia, Two Years of my Life, agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, Shame the Devil.

Scríobh sé a lán gearrscéalta lena chois sin. Orthu sin tá Spring Sowing, Two Lovely Beasts agus cnuasaigh éagsúla eile, mar aon le cnuasach Gaeilge, Dúil.

D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill a Dúil sa bhliain 1953. Ba é Dúil an chéad leabhar a scríobh an Flaitheartach ina theanga dhúchais. Scríobh sé Dúil nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa mar scríbhneoir.[2] Sárscríbhneoir próis ba ea é agus cé nár tháinig óna pheann ach an t-aon úrscéal amháin Gaeilge, mairfidh an saothar áirithe seo nuair a bheidh saothair atá molta go hard na spéire ag léirmheastóirí áirithe díbeartha as an gcuimhne.[5]

Tragóid trí ghníomh é Dorchadas.[6]

Rinneadh cinsireacht ar cúig leabhar de chuid Uí Fhlaithearta.[4]

Eolas cuir in eagar

Tá an Liam and Tom O'Flaherty Society bunaithe, a eagraíonn "Féile na bhFlathartach" gach bliain in Inis Mór. Tá suíomh acu ar facebook a thugann eolas agus tuairiscí ar na h-imeachta sa chumann.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "O'Flaherty, Liam | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-09-07.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "Ó FLAITHEARTA, Liam (1896–1984)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-09-07.
  3. "Raising the Red Flag at the Rotunda. The workers occupation of January 1922." (en). Come Here To Me! (2010-08-27). Dáta rochtana: 2021-09-07.
  4. 4.0 4.1 Seosamh Ó Cuai (2019). "Aiséirí á dhéanamh ag Hollywood Cemetery, úrscéal le Liam Ó Flaithearta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-07.
  5. "Ó FLAITHEARTA, Liam (1896–1984)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-09-07.
  6. arlenhouse.ie. "Tuigeadh an dráma seo a bheith caillte le fada an lá". Dáta rochtana: 2021.