John Ford

stiúrthóir scannán Meiriceánach

Ba stiúrthóir Gael-Mheiriceánach é John Ford a rugadh i Cape Elizabeth, Maine ar an 1 Feabhra 1894 agus a fuair bás ar an 31 Lúnasa 1973. Ba as Gaillimh iad a tuismitheoirí.

Infotaula de personaJohn Ford

(1946) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Sean Aloysius O'Feeney Cuir in eagar ar Wikidata
1 Feabhra 1894
Cape Elizabeth, Maine Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Lúnasa 1973
79 bliana d'aois
Palm Desert, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse ghoile)
Áit adhlacthaHoly Cross Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Portland Cuir in eagar ar Wikidata
Airde183 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte, aisteoir scannáin (–1917), oifigeach cabhlaigh, léiritheoir scannáin, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1913 –  1966
FostóirOifig Seirbhísí Straitéiseacha
Universal Pictures Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céim mhíleataceannasaí Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileMary McBride Smith (1920–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBarbara Ford Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínFrancis Ford
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0000406 Allocine: 885 Rottentomatoes: celebrity/john_ford Allmovie: p90133 TCM: 933895 TV.com: people/john-ford-1 AFI: 85693
Find a Grave: 353 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cinnte go raibh John Ford ar dhuine de na stiúrthóirí scannán ba mhó cáil le linn ré órga Hollywood. Nuair a iarradh ar Orson Welles na stiúrthóirí ab fhearr riamh a ainmniú ba é an freagra a thug sé ná ‘John Ford,’ ‘John Ford,’ agus ‘John Ford.’

1915
 
John Ford agus a hiníon Barbara, 1935

Ba dhuine de mhuintir Uí Fhéinne as an Spidéal athair John Ford agus ‘Feeney’ a bhí air féin nuair a bhí sé ag fás aníos i Meiriceá. Ansin d’athraigh sé a ainm go John Ford.

D’imigh an t-athair John Feeney ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sa mbliain 1872. Phós sé Barbara Curran as an Choill Rua agus rugadh John in 1894. Gaeilge a labhair an lánúin sa mbaile i Meiriceá, is cosúil.

Scannánaíocht

cuir in eagar

Chuaigh John agus a dheartháir Francis go Hollywood agus rinneadar go maith ann.

Rinne John 150 scannán i rith a shaoil, 24 acu sin le John Wayne. Leis na scannáin ‘western’ ba mhó a bhain cáil John Ford agus thugadh sé páirteanna do John Wayne go minic iontu agus bhí seisean agus daoine eile ar nós Maureen O’Hara, Victor McLaglen, Ward Bond agus Barry Fitzgerald mar sórt ‘compántas’ aisteoirí aige.

I rith an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ford post leis an Aonad Grianghrafadóireachta de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe. Rinne sé cláracha faisnéise ar nós The Battle of Midway agus bronnadh gradam eile ‘Oscar’ air dá bharr sin. B’oifigeach é i gCabhlach Cúltaca na Stát Aontaithe agus an lá ar fhág sé an tseirbhís bronnadh teideal ‘Leasaimiréal’ air. Tá an-chuntas air sa tsraith Five Came Back ar Netflix.[1] Beagán blianta dár gcionn rinne Ford The Quiet Man.

 
The Quiet Man, Portland, Maine

The Quiet Man

cuir in eagar

Faoin am go dtáinig sé go Conamara chun The Quiet Man a dhéanamh in 1952, bhí cáil ollmhór bainte amach aige. Ba sa tréimhse iarchogaidh a rinne sé an scannán The Quiet Man. Bhí lámh ag Lord Killanin san obair.

Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Mar a dúirt léirmheastóir amháin ‘it was more commercially viable paddywhackery’.[2] Tagann na turasóirí ina sluaite chuig na láithreacha éagsúla, thart ar Chonga, Uachtar Ard, an Caisleán agus áiteacha eile nach iad.

Faoi 1952, bhí gradam ‘Oscar’ buaite aige trí huaire mar stiúrthóir (The Informer, The Grapes of Wrath agus How Green Was my Valley) agus ar ndóigh ghnóthaigh sé ceann eile le The Quiet Man.

Bhí cineál gaol i bhfad amach idir Ford agus an Tiarna Killanin, a raibh teach mór sa Spidéal aige. Ba é an Tiarna Killanin a mhol Conga agus Caisleán Cheapach Corcóige dó mar láthair scannánaíochta. Ba mhaith mar a d’fheil siad sin don scéal agus bhí láithreacha eile – ar nós an droichead beag siúd nach raibh i bhfad ón láthair.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Mairéad Ní Nuadháin (3 Samhain 2023). "An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
  2. "Liam Ó Flaithearta, John Ford agus an scannán faoin nGorta Mór nár éirigh leo é a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-09-18). Dáta rochtana: 2023-11-08.
  3. Mairéad Ní Nuadháin (3 Samhain 2023). "An uair a thug Maureen O’Hara agus John Wayne cuairt ar an seanteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.