Is í an Chré-Umhaois an tréimhse arb í is príomhthréith ann ná húsáid a bhaint as copar agus a chóimhiotal cré-umha mar phríomhábhar crua i mbruithniú uirlisí agus airm. In ord croineolaíoch, luíonn sé idir an Chlochaois agus an Iarannaois. Tugann an téarma an Chlochaois le tuiscint an neamhábaltacht amhiarann a bhruithniú agus tugann an téarma Iarannaois le tuiscint an cumas chun déantán a mhonarú in aon cheann de na trí chineál ábhar crua. Léiríonn an leagan amacha seo san croineolaíocht sheandálaíochta an deacracht a bhaineann le monarú i stair na teicneolaíochta. I rith na gcéadta bliain anuas de staidéir agus mionscrúdú eolaíoch ar an Chré-Umhaois, bhí sé soiléir go raibh, ar an iomlán, úsáid an chopair nó an chré-umha amháin ar an chuid is cobhsaí agus dá bhrí sin, an chuid is diagnóisí de bhraisle gnéithe a mharcáil na tréimhse sin. Chomh maith le déantúsaíocht na chré-umha ó amhábhair agus úsáid fhorleathan na n-uirlisí agus na n-arm cré-umha, le linn na tréimhse seo, lean forbairt na siombailí picteagramachaidéagramacha agus na próta-scríbhneoireachta, agus gnéithe eile den sibhialtacht uirbeacha.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Chré-umhaois
Íomhá
Cineálaois seandálaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómóscré-umha Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deSealadh Holaicéineach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse3300 "RCh" - 1200 "RCh"
Le cuid


Idirleathadh miotalóireachta san Eoraip agus san Áise Bheag. Is iad na ceantair is dorcha na cinn is sine.

An Chré-umhaois in Éirinn cuir in eagar

Bhí mianadóireacht déanta i gcúpla áit timpeall na tíre, mar shampla Cnoc Osta i gCorcaigh, Gleann Abhóca i gCill Mhantáin agus na Beanna Boirche i gContae an Dúin. Ba mianadóireacht é a d'úsáid teicneolaíocht íseal, tháinig siad ar cnapanna óir nó píosaí óir i measc sil-leagan glárach i aibhneacha. Fuaireadar copar i gclocha lán de mhian chopair, théamh siad na clocha thar tine agus scoilt siad iad le huisce fuar. Ansin roghnaigh siad na píosaí leis an méid ocsaíd chopair is mó. Bhruithnigh siad na clocha sin thar tine fioghual. Ba iad na réada miotail ba luaithe a táirgeadh in Éirinn ná tuanna comhréidhe de chopair amháin a d’fhéadfaí a theilgean go héasca i múnlaí cloiche a bhí in aon phíosa amháin agus a theannadh le cnagaíl. Níos déanaí tháinig múnlaí cloiche in dhá chuid ina n-ionad sin, a chiallaigh go bhféadfaí uirlisí agus airm níos casta a tháirgeadh.

Tháinig feabhas ar an teicneolaíocht a bhí acu agus thug siad stán as tíortha eile ar nós Shasana, isteach chun cré-umhaí a dhéanamh. Is cóimhiotal é chré-umhaí (meascán de chopar agus stán) atá i bhfad níos láidre na chopar ina haonar agus is féidir leis faobhar a choimeád ar feadh tamaill fada.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  1. J. M. Coles, A. F. Harding (1979). "The Bronze Age in Europe: an Introduction to the Prehistory of Europe c.2000-700 B.C".