Is dúil cheimiceach é an copar. Is é an ceann is éadroime de na miotail lómhara. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 29, agus is é Cu an tsiombail cheimiceach. Miotal insínte é agus é ina sheoltóir maith leictreachais agus teasa. Tá dath ruadhearg ann, nó fiú pinc, má tá sé nuaghearrtha. Ó tá sé chomh maith sin ag iompar teasa agus leictreachais, úsáidtear mar sheoltóir leictreach agus teirmeach é. Ní chreimeann cupar go héasca, fiú in uisce farraige. Dá bhrí sin baineadh úsáid as leis na céadta bliain i mbáid adhmaid. Comhábhar tábhachtach é ina lán cóimhiotal freisin - is cóimhiotal copair agus stáin é an cré-umha, agus mar is eol dúinn, bhí an cré-umha chomh tábhachtach lena linn is gur bhaist na staraithe a ainm ar aois iomlán i stair an duine - an Chré-umhaois.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCopar

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus simple substance (en) Aistrigh
Copar sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCu
Uimhir adamhach29
Mais adamhach63.546
Peiriad, Grúpacopper proteins (en) Aistrigh
peiread 4
Dúil Ghrúpa 11
Airíonna fisiceacha
Dathcopar
Dlús8.94 kg/m⁻³
Leáphointe1,981 agus 1,085
Fiuchphointe4,703 agus 2,595
Leictridhiúltacht1.9
Ga ianach0.46, 0.6, 0.77, 0.57 agus 0.73
Stair
Fionnachtain7 mílaois "RCh"
EapainmAn Chipir

Maidir leis an gcopar féin, fuair sé a ainm ó oileán na Cipire, ós ansin a bhí na poill mhianaigh ba mhó a tháirg copar sa tseanársaíocht.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcopar sna comhdhúile ná +II (na comhdhúile copracha) agus +I (na comhdhúile coprúla), agus is é +II an ceann is coitianta agus is cobhsaí. Bíonn dath gorm nó uaine sna comhdhúile copracha. Is féidir leis an bhfluairín an copar a ocsaídiú go +III nó +IV, ach bíonn a leithéidí de chomhdhúile an-éagobhsaí.

Tagairtí cuir in eagar