Brión mac Echach Muigmedóin

rí Éireannach

Rí leathstairiúil na gConnacht ba ea Brian (Sean-Ghaeilge BriónBrían mac Echach Muigmedóin). Eochaid Mugmedón ba ea a athair. Mhair sé sa 4ú/5ú haois.

Infotaula de personaBrión mac Echach Muigmedóin
Beathaisnéis
Breith5 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 haois

Tuaim Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDauí Tenga Uma Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaid Mugmedon  agus Mongfind
SiblínFiachra, Ailill mac Echach Mugmedóin agus Niall Noígíallach

I dteannta lena deartháireacha Ailill agus Fiachra, sinsear Chonnacht ba ea Brian. Niall Naoighiallach (Níall Noígíallach), sinsear Uí Néill, ba ea a leasdeartháir níos óige.[1] De réir an sean-nóis, fuair a athair bás sa bhliain 362.[2]

Insítear scéal Bhriain agus a dheartháireacha in Aided Chrimthaind maic Fhidaig ocus Trí mac Echach Muigmedóin. Mac is fearr lena mháthair Mongfionn (Mongfind) ba ea Brian. Ba mhaith léi go dtiocfadh Brian i gcomharbacht ar a athair Eochaid ach tháinig Niall i gcoróin ina ionad. Rinne sé a churadh de Bhrian.

Tháinig Brian i gcoróin sa Connacht, agus tharla cogadh idir é agus Fiachra dá bharr. Chloígh Brian Fiachra i gCath Damchluain. D'athchruinnigh Nath Í mac Fiachrach ámh agus ag Dara Cath Dhúchluain, cloíodh agus maraíodh Brian. Adhlacadh Brian ag Ros Cam.

Oidhreacht

cuir in eagar

Le feadh míle bliain ina dhiaidh, d'éirigh a lán dá mhuintir, aitheanta mar Uí Bhriúin, ina Ríthe na gConnacht. De shliocht Uí Briúin Aí ba ea Toirdhealbhach Ó Conchúir, a rinneadh Ardrí na hÉireann de sa bhliain 1166.

Dar le Tíreachán, thug Naomh Pádraig cuairt ar "áras mic Bhriain" ag Duma Selchae ar Mag nAí, ach ní deir sé cérbh iad. De réir ailt chomhionainn in Vita tripartita Sancti Patricii, a théann siar b'fhéidir go dtí an 9ú haois, bhí seisear mac ann. I bhfoinsí níos déanaí ámh, maítear go raibh ceathrar mac is fiche ag Brian. Is dócha gur cumadh ginealaigh Uí Bhriúin do threibheanba faoi mar a thángadar faoina smacht, amhail is Uí Bhriúin Uamhaill, Uí Bhriúin Ratha agus Uí Bhriúin Sionna.[3]

  1. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Dara heagrán, 2001, Aguisín 2, Tábla 1
  2. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals, 1998
  3. Anne Connon, "Uí Briúin", in "Medieval Ireland: An Encyclopedia", lch. 485