Ailill mac Echach Mugmedóin

prionsa Éireannach

Sinsear Chonnacht ba ea Ailill mac Eachach Mugmedóin (Sean-Ghaeilge Ailill mac Echach Mugmedóin), a mar sa cheathrú haois. Eochaid Mugmedón (bás 362[1]) Ardrí na hÉireann, ba ea a athair, agus Mongfind deirfiúr Chriomhthainn mhic Fhiodhaigh (bás 367) a mháthair.[2] Clann Uí Ailealla ba ea a mhuintir.

Infotaula de personaAilill mac Echach Mugmedóin
Teaghlach
AthairEochaid Mugmedon  agus Mongfind
SiblínFiachra, Brión mac Echach Muigmedóin agus Niall Noígíallach

Insítear scéal Ailealla agus a dheartháireacha, Brian agus Fiachra, in Aided Chrimthaind maic Fhidaig ocus Trí mac Echach Muigmedóin[3]. Chuaigh Ailill i dteannta le Fiachra ar ruathar rathúil sa Mhumhain isteach, ach fuair Fiachra goin a bháis. Tar éis bhás Fhiachra, gabhadh agus cuireadh chun báis Ailill ag Eochaid mac Crimthainn na Mumhan. De réir sean-nóis, adhlacadh Ailill i mBaile an Chairn, Contae Shligigh.[4]

Foinsí cuir in eagar

  • Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
  • Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  • Dan Wiley, Cycles of the Kings

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 1
  3. Aided Chrimthaind maic Fhidaig ⁊ Trí mac Echach Muigmedóin ar CODECS
  4. "Heapstown". Dáta rochtana: 14ú Deireadh Fómhair 2018.