Fiachra

prionsa Éireannach

Sinsear Connacht ba ea Fiachra (Sean-Ghaeilge Fiachrae mac Echach Mugmedóin), a mhair sa cheathrú haois. Eochaid Mugmedón (bás 362[1]) ba ea a athair, agus Mongfionn (Mongfind) deirfiúr Chriomhthann mac Fiodhaigh (bás 367) a mháthair.[2] Clann Uí Fhiachrach ba ea a mhuintir.

Infotaula de personaFiachra
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteNath Í mac Fiachrach, Amalgaid mac Fiachrach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaid Mugmedon  agus Mongfind
SiblínBrión mac Echach Muigmedóin, Niall Noígíallach agus Ailill mac Echach Mugmedóin

Insítear scéal Fhiachra agus a dheartháireacha, Brión agus Ailill, in Aided Chrimthaind maic Fhidaig ocus Trí mac Echach Muigmedóin.[3] Nuair a ghabh Brian ríogacht na gConnacht, tharla cogadh idir Brian agus Fiachra. Throid siad cath in aghaidh a chéile ag Dúchluain (Damchluain). Gabhadh Fiachra agus tugadh cuid Teamhraigh é. D'athchruinnigh Nath Í mac Fiachrach a airm agus cloíodh agus maraíodh Brian ag dara cath ag Damchluain.

Scaoil Niall Fiachra saor, agus cheap é ina churadh in ionad Brian. Chuaigh Fiachra agus Ailill ar ruathar rathúil sa Mhumhain isteach. Fuair Fiachra goin a bháis agus d'éag sé ag Féarach (Ferrach) sa Mhí ar a shlí abhaile. Cuireadh ina ómós gialla na Mumhan leis agus iad beo.

Foinsí cuir in eagar

  • Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
  • Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  • Dan Wiley, Cycles of the Kings

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals,
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 1
  3. Aided Chrimthaind maic Fhidaig ⁊ Trí mac Echach Muigmedóin ar CODECS