Dauí Tenga Uma
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Dauí Teanga Umha (Sean-Ghaeilge Dauí Tenga Uma) (bás 500[1]). Tugadh an leasainm "Teanga Umha" do de bharr blas a chuid cainte. Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Ailill Molt Uí Fhiachrach (bás 484).
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 502 |
Teaghlach | |
Páiste | Duinseach ní Dhuach |
Athair | Brión mac Echach Muigmedóin |
Beatha
cuir in eagarFeictear Dauí Teanga Umha sna ginealaigh mar gar-fhionnó Bhriain, sinsear eapainmneach a chlainne. Deirtear go háirithe gur sinsear Uí Bhriúin Seola é féin.[2][3] Creideann Francis Byrne gurb ionann é agus a shin-sin-seanathair, dá mbá fhíor, Dauí Galach,[4] óir gur bréag iad luathghinealaigh Uí Bhriúin.[5]
Luann Keating dhá phóstaí ina chlann:
- bhí a iníon Duinseach pósta leis an Ardrí, Muircheartach mac Muireadhaigh (bás 532) de Chineál Eoghain. Bhí beirt mhac acu, Domhnall agus Fearghas
- bhí a ghariníon Mugain ingen Cú Charainn pósta leis an Ardrí Diarmaid mac Cearbhaill (bás 563) Uí Néill an Deiscirt. Ba mhac léi é an tArdrí, Áed Sláine (bás 602).
Sa bhliain 500, cloíodh agus maraíodh Daui i gCath Segsa (Seghais nó An Bhúill) ag a mhac chéile féin, Muircheartach. Deirtear sna hannála gurbh í Duinseach ba chúis an chogaidh.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Annála Tiarnaigh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn
- Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
- Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals,
- ↑ Sinsear na clainne Uí Bhriúin Aoi agus Uí Bhriúin Bréifne ba ea a dheartháireacha Echu Tirmcharna agus Feargna faoi seach.
- ↑ John O'Hart, Irish Pedigrees: Or The Origin and Stem of The Irish Nation, cuid III, alt IV, lch. 633-634.
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 19
- ↑ Byrne, lch. 245