Séamas II agus VII
Bhí Séamas II agus VII (14 Deireadh Fómhair 1633 - 16 Meán Fómhair 1701) ina rí ar Shasana, Albain agus Éirinn ó 6 Feabhra 1685 go 11 Nollaig 1688.
Tugtar an leasainm Séamas an Chaca [1] air go dímheasúil sa traidisiún Gaelach, mar gheall ar an gclaidhreacht a shamhlaítear leis i leith Chath na Bóinne.
Tháinig a mhac céile, Liam Oráiste (nó Liam III) agus a iníon Máire i gcomharbacht air nuair a cuireadh as cumhacht é i Sasana.
Is go St Germain-en-Laye sa Fhrainc a theith Séamas II tar éis dó Cath na Bóinne a chailleadh in 1690[2]. Thug col ceathrair Shéamais, Louis XIV, rí na Fraince, dídean dó. Is sa Château-Vieux de St Germain-en-Laye a chaith sé an chuid eile dá shaol. Is ann a fuair sé bás chomh maith in 1701. Tuigtear gur sa séipéal áitiúil atá sé curtha.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Ó Duinnín, Foclóir Gaedhilge Béarla, (Baile Átha Cliath 1996 (athchló), lth. 145)
- ↑ http://www.beo.ie/alt-ni-aitheantas-go-haontios.aspx
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |