Ailill Medraige mac Indrechtaig

Rí Chonnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach Mhuaidhe ba ea Ailill Meadraí mac Indreachtaigh (Sean-Ghaeilge Ailill Medraige mac Indrechtaig) (bás 764[1]). Indreachtach mac Dúnchadha Mhuirisce (bás 707), ba ea a athair, agus Dúnchadh Mhuirisce mac Tiobraide (bás 683) a sheanathair, iar-ríthe beirt.[2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 756 go dtí 764. Ba é an chéad fhear dá mhuintir ó bhás a athair sa mbliain 707 a rinneadh rí Chonnacht de.

Infotaula de personaAilill Medraige mac Indrechtaig
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás764
Teaghlach
AthairIndreachtach mac Dúnchadha

Cuireann a leasainm in úil gur cuireadh ar altramas é leis na Méaraí ar bhruach oirthear Chuan na Gaillimhe. Is dócha gur éirigh sé ina rí Uí Fiachrach an éigin tar éis bhás Aireachtigh uí Dhúnchadha Mhuirsce, a fuair bás timpeall na bliana 735.

Sa bhliain 758, chloígh sé fir Uí Bhriúin i gCath Druim Robaig (deisceart Mhaigh Eo). Óir gur tharla an cath seo i gcríocha Fjir Cheara Uí Fhiachrach, is dócha go raibh fir Uí Bhriúin ag ionsaí.[3] Maraíodh triúr mac le hiar-rí Uí Bhriúin, Fearghas mac Ceallaigh (bás 756).[4]

Rinneadh rí Uí Fhiachrach dá mhac, Cathal (bás 816).

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
  3. Byrne, lch. 249
  4. Annála na gCeithre Máistrí