Éire Ghaelach

Ord polaitiúil agus sóisialta Gaelach a bhí ann in Éirinn ón ré réamhstairiúil go dtí tús an 17ú haois

Ba í Éire Ghaelach an t-ord polaitiúil agus sóisialta Gaelach, agus an cultúr gaolmhar, a bhí ann in Éirinn ón ré réamhstairiúil go dtí tús an 17ú haois. Roimh ionradh na Normannach ar 1169, bhí na Gaeil i réim ar an oileán ar fad. Ina dhiaidh sin, chuimsigh sé an chuid sin den tír nach raibh faoi cheannas eachtrach ag am ar leith.

Líníocht 1521 le Albrecht Dürer de ghallóglaigh agus cheithearnaigh Éireannacha.

Don chuid is mó dá stair, bhí ordlathas Gaelach na hÉireann ina "bhreacachan críocha " a rialaigh ordlathas ríthe nó taoisigh, a toghadh trí thánaisteachta. Bhí an chogaíocht idir na críocha seo coitianta go leor. Uaireanta, aithníodh rialtóir cumhachtach mar Ardrí na hÉireann.

Bhí an tsochaí comhdhéanta de fhinte nó chlanna, cosúil leis an gcuid eile den Eoraip, bhí siad struchtúrtha de réir ordlathais bunaithe ar aicme. Le linn na tréimhse seo, bhí an geilleagar tréadach den chuid is mó agus de ghnáth níor úsáideadh airgead.[1]

Is féidir gnás feistis, ceoil, damhsa, spóirt, ailtireachta agus ealaíne Gaelach a aithint, agus ealaín Ghaelach ag cumasc níos déanaí le stíleanna Angla-Shacsanach chun ealaín Ealaín na nOilean nó Ealaín Ghael-Shacsanach a chruthú.

Bhí Éire Ghaelach págánach ar dtús agus bhí cultúr ó bhéal aici. Thosaigh inscríbhinn san aibítir ogham sa tréimhse protastairiúil, b’fhéidir chomh luath leis an 1ú haois. In éindí lena chéile, bhí an tiontú go dtí an Chríostaíocht agus teacht isteach na litríochta, agus caomhnaíodh cuid mhaith de mhiotaseolaíocht réamh-Chríostaí agus d'Fhéineachas sofaisticiúil na hÉireann, cé gur Críostaí iad.

An Mheánaois

cuir in eagar

Sa Mheánaois Luath, bhí Éire ina lárionad tábhachtach foghlama. Bhí tionchar ag misinéirí agus scoláirí na hÉireann in iarthar na hEorpa, agus chuidigh siad leis an gCríostaíocht a scaipeadh ar mhórán den Bhreatain agus ar chodanna de mhórthír na hEorpa.

Sa 9ú haois, ba mhinic a thug na Lochlannaigh faoi ruaig chreiche agus faoi lonnaíochtaí ag bunú feadh chóstaí agus uiscebhealaí na hÉireann, a tháinig chun bheith ina gcéad bhailte móra sa tír.

Le himeacht aimsire, mheasc na Lochlannaigh go héasca le pobal na hÉireann agus rinneadh Gall-Ghaeil díobh. Tar éis ionradh na Normannach ar 1169–71, tháinig codanna móra d’Éirinn faoi smacht na dtiarnaí Normannacha, rud a d’fhág go raibh na céadta bliain de choimhlint leis na Gaeil dhúchasacha.

D'éiligh Rí Shasana flaitheas ar an gcríoch seo - Tiarnas na hÉireann - agus an t-oileán ina iomláine. Lean an córas Gaelach ar aghaidh, áfach, i gceantair nach raibh smacht Angla-Normannach orthu. De réir a chéile laghdaíodh an chríoch a bhí faoi smacht Rí Shasana go limistéar ar a dtugtar an Pháil agus, lasmuigh de seo, ghlac go leor tiarnaí Gael-Normannach le cultúr na nGael. Bhí siad níos Gaelaí ná na Gaeil féin, (Laidin:Hiberniores Hibernis ipsis).

16ú / 17ú haois

cuir in eagar

Sa bhliain 1542, d’fhógair Anraí VIII Shasana an Tiarna mar Ríocht agus é féin mar Rí na hÉireann. Ansin thosaigh na Sasanaigh ar concas a dhéanamh (nó concas a athdhhéanamh) ar an oileáin. Faoi 1607, bhí Éire faoi smacht Shasana go hiomlán, ag cur deireadh leis an sean-ord polaitiúil agus sóisialta Gaelach.

  1. Simms (1978). "Guesting and Feasting in Gaelic Ireland". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 108: 67–100.