Mainistir Bhaile an Tobair

Is mainistir ríoga í Mainistir Bhaile an Tobair atá lonnaithe dhá chiliméadar thoir thuaidh ón sráidbhaile, Baile an Tobair, i gContae Mhaigh Eo.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Bhaile an Tobair
Íomhá
Sonraí
CineálAbtheach
Map
 53°45′26″N 9°16′57″W / 53.757267°N 9.282407°W / 53.757267; -9.282407
Suíomh gréasáin oifigiúilballintubberabbey.ie
Suíomh
Mainistir Bhaile an Tobair, ón taobh thoir
Radharc ón taobh thuaidh.
Clabhstraí & iarsmaí eile.

Stair cuir in eagar

 

Bhunaigh an rí, Craobhdearg Uí Chonchubhair (nó Cathal Crobdearg Ua Conchobair) an mhainistir sa bhliain 1216.[2]

Cé go ndearnadh go leor damáiste ar an mainistir agus gur cuireadh faoi chois í i rith an Reifirméisin, lean Caitlicigh ag úsáid na mainistreach, fiú i rith thréimhse na bPéindlíthe. Tá sé ráite go raibh Seán na Sagart curtha i Mainistir Bhaile an Tobair, thíos faoi chrann mór inniu.[2] Athchóiríodh an séipéal agus cuireadh díon nua air in am do chomóradh 750 bliain sa bhliain 1966.

In 1997 athchóiríodh Teach na Caibidle agus limistéar an Dórtúir agus cuireadh díon orthu.

Phós Pierce Brosnan san áit.

Rinneadh athchóiriú ar an sciathán thoir ar fad roimh cheiliúradh an ocht gcéid in 2016.

 

Inniu cuir in eagar

 

Tá sé ráite gurb é an t-aon séipéal in Éirinn a bhí bunaithe ag rí agus atá fós á úsáid sa lá atá inniu ann.[2]

Tá músaem beag ann. Tá roinnt rudaí suimiúla le feiceáil taobh amuigh den mhainistir, ina measc turas na croise, Mainséar buan agus slí an phaidrín.

Is í an tsean-mhainistir túsphointe an tslí oilithreachta go cruach Phádraig ar a dtugtar Tochar Phádraig a bhí ligthe i ndearmad le fada ach atá anois beo arís mar oilithreacht trasna na tíre agus mar shiúlóid thurasóireachta.[2]

Féeach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ballintubber Abbey" (en-US). Ballintubber Abbey. Dáta rochtana: 2021-04-01.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Tourmakeady.com. "BAILE AN TOBAIR". www.tourmakeady.com. Dáta rochtana: 2021-04-01.