Lúibín
Is éard is lúibín ann ná cineál traidisiúnta amhránaíochta Gaeilge agus magaidh a chantar siar is aniar idir beirt. Is féidir é a chur i gcomparaid leis an agallamh beirte Eagraítear comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ag comórtais Oireachtas na Gaeilge. Tá traidisiún láidir lúibíní i gCúil Aodha in Iarthar Chorcaí.
FoirmCuir in Eagar
Cantar na véarsí sa lúibín agus is é an fonn a bhíonn leis de ghnáth ná port (jig) traidisiúnta. Bíonn portaireacht le focail raiméise (á gcanadh ag an mbeirt le chéile) mar churfá i ndiaidh gach véarsa agus is iondúil go dtugtar an líne dheiridh nó an dá líne dheiridh den véarsa a ghabhann roimis, isteach sa churfá. Bíonn cheithre líne nó ocht líne de ghnáth sna véarsaí sa lúibín. Ó véarsa go véarsa bíonn an bheirt ag freagairt a chéile agus ag sárú ar a chéile. Tá bua na dea-chainte agus cumas maith rannaireachta ana thábhachtach san ealaín seo.
Gnéithe a bhíonn ag baint leis na píosaí go minicCuir in Eagar
- coimhlint/contrárthacht idir na páirtithe
- saibhreas teanga
- foinn áirithe a oireann don lúibín – foinn rithimiúla agus poirt a úsáidtear don chuid is mó
- bíonn an greann neamhurchóideach go minic – níos fearr a bheith ag spochadh as carachtar/fíordhuine agus gan dul i muinín na gairsiúlachta más féidir.
- ní gá go mbeadh téama/duine/scéal nuachta tráthúil i gceist ach is minic go mbíonn seo i gceist. Moltar téamaí uilíocha a roghnú.
- structúr/cruth an amhráin – ag deireadh gach véarsa canann an bheirt an phortaíocht béil le chéile (na fox-di-idle-dees) agus canann an té a chan an véarsa an líne dheireanach – ní hé go mbeadh véarsa/curfá i gceist.
Na FoinnCuir in Eagar
Seán is a bhríste leathair: https://www.youtube.com/watch?v=Z9I_uHZAONU
Bacach Buí na Léige: https://www.youtube.com/watch?v=x9i5DQLna1I
Táim in Arrears: https://www.youtube.com/watch?v=7JLSBK7b-3E
Túirne Mháire: https://www.youtube.com/watch?v=tAtTMK_tCeA
Tatter Jack Welsh
Cúnla: https://www.youtube.com/watch?v=3iczgQ7wtk8
SamplaíCuir in Eagar
[Comórtas Luibíní do dhaoine fásta a bhí ar bun ag Oireachtas na Samhna 2011 https://www.youtube.com/watch?v=bUG5cRIIe6A] http://www.duchas.ie/ga/cbes/4450396/4376121/4450447