Is oíche fhuirseoireachta Ghaeilge é GaelGÁIRÍ a bhunaigh Andy Ó Faoláin agus Eoin P. Ó Murchú in 2013. Eagraítear i mBÁC i gClub Chonradh na Gaeilge de ghnáth é ach tá camchuairteanna tugtha acu timpeall na tíre go Gaillimh, Béal Feirste, Corcaigh, Laois, Liatrom agus go hidirnáisiúnta go Caernarfon na Breataine Bige. Bunaíodh an oíche i mí na Nollag 2013 agus seoladh go hoifigiúil é ar an 29ú Márta 2014.

Bosca Sonraí EagraíochtaGaelGÁIRÍ
Sonraí
Cineálclub grinn Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Bunaitheoir(í)Eoin P. Ó Murchú Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Facebook: Gaelgairi Twitter: GaelGAIRI Cuir in eagar ar Wikidata
Suaitheantas na hoíche grinn

Féilte agus Oícheanta a raibh siad Páirteach iontu cuir in eagar

Louise O'Toole Nerd mór agus fuirseoir rialta ar stáitsí Bhaile Atha Cliaith, d’éirigh Louise mar iomaitheoir i gcomortais Bray Comedy Festival New Act agus Cherry Comedy Breakout Act 2019. Mar bean singil, atá 40 bliain d'aois, insíonn sí scéalta faoina saol tar éis Tinder.

Sraith Raidió cuir in eagar

Bhuaigh sraith a rinneadh do Raidió na Life ‘GaelGÁIRÍ ar an Raidió’, duais don 'tSraith Ghrinn is Fearr ar an Raidió’ ag Féile Idirnáisiúnta na Meán Ceilteach 2016 i nDún Garbháin, bronnadh gradam eile barr feabhais ar an tsraith sa rannóg ‘Cláir Choimisiúnaithe’. Rinneadh an tsraith seo le tacaíocht ó scéim mhaoinithe Fuaim & Fís an BAI (Údarás Craolacháin na hÉireann) agus dhírigh sé isteach ar na hoícheanta grinn féin agus ar na daoine a bhíonn páirteach iontu.

  • Duais PPI do chlár Bhláthnaid
  • Duais Oireachtais do Chlár Bhláthnaid

Fuirseoirí Aitheanta a ghlac páirt cuir in eagar


Raidió Ráiméis cuir in eagar

Mír bheag sceitsí ghrinn agus aoir a bhí i Raidió Ráiméis. Craoladh thart ar 50 eipeasóid 5 nóiméad ar fhad ar Raidió na Life (6 eip) agus ansin ar Raidió na Gaeltachta (an chuid eile).

Tagairtí cuir in eagar