Gáire As Gaeilge

oíche rialta fuirseoireachta i nGaillimh

Is oíche ghrinn í Gáire As Gaeilge a bhíonn le feiceáil mar chuid d'Fhéile Ghrinn na Gaillimhe. Léiriú beo a bhíonn inti ar sár-éirim grinn agus cuid de na jócanna is fearr dá mbíonn le cloisteáil ag an bhféile ar fad.[1]

Ealaíona TaibhiúcháinGáire As Gaeilge
Cineálclub grinn Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaAn Ghaeilge
SeánraFuirseoireacht ar na boinn
Tír bhunaidhÉire
Céadléiriú
CathairGaillimh; An Spidéal

Beidh trí ghig grinn ar fad ar siúl i mbliana faoi bhrat Gháire As Gaeilge, ceann acu sa tigh ósta Cois Cuain ar an Spidéal féin i nGaeltacht Chois Fharraige, an dá cheann eile sa Crane Bar i nGaillimh. Beidh Hector Ó hEochagáin ina fhear tí arís agus beirt fhuirseoir aitheanta eile ar an stáitse gach oíche, as Aideen McQueen, Eddie Mullarkey, Al Porter, agus Bernard Casey.[2]

Hector Ó hEochagáin a bhí i mbróga McQueen an bhliain seo, agus ina leathbhádóirí aige bhí Aideen McQueen, Eddie Mullarkey agus Al Porter. An Crane Bar a bhí mar ionad don oíche ghrinn.[1][3]

Bhí "Banríon na fuirseoireachta" Aideen McQueen (So you think you’re Funny, Féile Imill Dhún Éideann) ag coinneáil smacht ar na leaids mar bhean an tí. Ar an cláir in éindí léi sa Taibhdhearc bhí Paraic Breathnach (Ros na Rún, Killinaskully), Eddie Mullarkey (Show Me The Funny, Féile Imill Dhún Éideann), an seanchaí agus ceoltóir Aindrias de Staic agus Seán Begley (Best New Act - Bray Comedy Fest 2018, RTÉ Stand Up and Be Funny).[4] Thuil an seó ard-mholadh.[1]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Gráinne Thornton (13 Meán Fómhair 2023). "This is Galway’s Top Picks for Galway Comedy Festival 2023" (en). This is Galway. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
  2. "#GCF24 Full Programme On Sale Now" (en). www.galwaycomedyfestival.ie. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
  3. "Féile na gáirí". Galway Advertiser (19 Deireadh Fómhair 2023). Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
  4. "Gáire as Gaeilge". PEIG.ie (19 Deireadh Fómhair 2022). Dáta rochtana: 2024-10-14.