Páraic Breathnach

aisteoir Éireannach (r.1956)

Is aisteoir, taibheoir, scríbhneoir agus scéalaí Éireannach é Páraic Breathnach.

Infotaula de personaPáraic Breathnach
Beathaisnéis
Breith1956
67/68 bliana d'aois
Carna, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
GníomhaireLorraine Brennan Management (en) Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0106457 Allocine: 269559 Allmovie: p363748 TMDB.org: 17025
X: pgbreathnach Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh agus tógadh Páraic i gCarna, Co. na Gaillimhe agus tá Gaeilge ón gcliabhán aige. Agus é ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile Gaillimh, bhí baint mhór aige leis an gCumann Drámaíochta, áit a ndeachaigh sé i gcomhar le Ollie Jennings i sraith de thionscnaimh chultúrtha cheannródaíocha laistigh agus lasmuigh den choláiste. D’oibrigh sé leis An Taibhdhearc agus le Druid Theatres agus ba é an chéad bhainisteoir ar Ionad Ealaíon na Gaillimhe, sular bhunaigh sé Macnas le Ollie Jennings.

Bhí páirt aige i roinnt mórscannán Éireannach ar feadh na mblianta, ina measc Michael Collins agus Breakfast on Pluto. Is minic go mbíonn sé le feiceáil ar TG4, agus rinne sé an carachtar Jacksie Walsh ar Killinaskully ar RTÉ.

Sa bhliain 2005, bronnadh céim oinigh air ó OÉ Gaillimh “as an méid a chuir sé le saol cultúrtha na Gaillimhe agus na hÉireann”.[1]

I 2022 bhí Páraic ina phríomhoirfideach in Gáire As Gaeilge, oíche fuirseoireachta mar chuid d'Fhéile Ghrinn na Gaillimhe.[2]

  1. NUI Galway to honour three individuals for their contributions to the Arts, NUI Galway, 17 October 2005
  2. "Gáire as Gaeilge". PEIG.ie (19 Deireadh Fómhair 2022). Dáta rochtana: 2024-10-14.

Léitheoireacht bhreise

cuir in eagar
  • http://www.hotpress.com/Paric-Breathnach/features/interviews/Paric-Breathnach/2659109.html
  • Macnas: Joyful Abandonment, Terry Dineen, The Liffey Press, 2007.ISBN 978-1-905785-28-5ISBN 978-1-905785-28-5

Naisc sheachtracha

cuir in eagar