Aideen McQueen

fuirseoir Éireannach

Bean ghrinn í Aideen McQueen a bhíonn ag gigeáil mórthimpeall na hEorpa go rialta chomh maith le mórchlubanna na hÉireann agus na Breataine chomh maith. Bíonn sí le feiceáil ar RTÉ agus Virgin Media, chomh maith le The International Comedy Club, The Laughter Lounge, Iveagh Garden's Comedy Festival, An Phicnic Leictreach agus The Kilkenny Cat Laughs.

Infotaula de personaAideen McQueen
Gníomhaíocht
Gairmfuirseoir, iriseoir, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata


Instagram: comedymcqueen Youtube: aideenmcqueen5034 TikTok: aideenmcqueen Cuir in eagar ar Wikidata

Is minic do "Banríon na fuirseoireachta" ag déanamh gigeanna le GaelGÁIRÍ agus tá sí ina dlúthchuid de Gháire As Gaeilge i bhFéile Ghrinn na Gaillimhe le blianta beaga anuas ó bhí sí ina Bean an Tí don ghig dá gcuid sa Taibhdhearc, ag coinneáil smacht ar Páraic Breathnach, Eddie Mullarkey, Aindrias de Staic, agus Seán Begley.[1][2][3][4]

Ceardlanna

cuir in eagar

Tá scoil fuirseoireachta bunaithe aici i mBaile Átha Cliath "ar a son siúd ar mhaith leo dul sa seans", mar a fhoghlaimíonn daoine thar 10 seachtain "faoina stíl, a gcur i láthair, scríobh ábhair grinn, teacht i láthair ardáin, an phearsantacht ardáin, an greann comhaimseartha, an greann carachtair, seiftiú ar an láthair agus scéalaíocht."[1]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Concubhar Ó Liatháin (19 Iúil 2023). "‘Deirtear go bhfuil leabhar i ngach duine againn ach creidimse go bhfuil 10 nóiméad d’ábhar fuirseoireachta den scoth i ngach duine againn’". Seachtain / Irish Independent. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2024.
  2. "Gáire as Gaeilge". PEIG.ie (19 Deireadh Fómhair 2022). Dáta rochtana: 2024-10-14.
  3. Gráinne Thornton (13 Meán Fómhair 2023). "This is Galway’s Top Picks for Galway Comedy Festival 2023" (en). This is Galway. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
  4. "#GCF24 Full Programme On Sale Now" (en). www.galwaycomedyfestival.ie. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.