Liú Lúnasa
Féile imill is ea Liú Lúnasa a dhéanann ceiliúradh ar ógchultúr na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste agus atá i ndiaidh cur le saol na Gaeilge fud fad na hÉireann. Bíonn sé ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is é 2024 an deichiú bliain a cuireadh ar siúl é.[1]
Cineál | féile cheoil |
---|---|
Bailíocht | 2015 - |
Suíomh | Béal Feirste, Northern Ireland |
Tír | Éire |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge |
Seánra | slamfhilíocht, ceol hip hap, rac-cheol agus ceol leictreonach |
Codanna | |
Slam Filíochta
cuir in eagarCeann de bhuaicphointí na féile is ea an Slam Filíochta, mar a théann lucht na bhfocal "in adharca a chéile chun duaiseanna iontacha airgid a bhaint".[2][3] Cloistear leithéidí Ciara Ní É agus Séamus Barra ag reic a gcuid dánta agus is féidir le duine ar bith dul san iomaíocht.
Ceolchoirm
cuir in eagarI mbliana siad a bhí ag ceol ag ceolchoirm na féile ná "Huartan, a chuireann casadh spleodrach nua-aimseartha sa cheol Ghaelach; rac-cheol bríomhar, fuinniúil Grooveline; indie-rac dúchasach Na Shanvans agus Torby, an rapálaí dána, misniúil."[4]
Gradaim
cuir in eagarFuair Liú Lúnasa ainmniúchán mar Fhéile na Bliana ag Gradaim NÓS gach bliain dar bronnadh an gradam sin.
Gig de chuid Dysania ag an bhféile seo a fuair ainmniúchán mar Gig Bheo na Bliana ag na Gradaim sa bhliain ar cuireadh tús le Liú Lúnasa.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Ticéidí
- Bí san iomaíocht sa Slam Filíochta
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Edel Ní Churraoin. "Focal ón Stiúrthóir". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 27 Lúnasa 2024. lch 2
- ↑ "❗4 LÁ LE D'IARRATAS A CHUR ISTEACH AR AN SLAM FILÍOCHTA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
- ↑ "Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag ceiliúradh 10 mbliana de Liú Lúnasa". NÓS (2024-08-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-24. Dáta rochtana: 2024-08-27.
- ↑ "Ceolchoirm Cheiliúrtha Liú Lúnasa @10". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 27 Lúnasa 2024. lch 34
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |