Grooveline
banna ceoil Éireannach
Is banna ceoil óg Éireannach as Liatroim iad GrooveLine. Thug siad leo an chéad áit ag comórtas ‘Beo’ sa bhliain 2018. Is iad Evan Gerry, Tarach Ó Snodaigh, Matthew Connolly, Glen Feely agus Bronwyn Kirwan atá sa bhanna. Tá fuaim faoi leith ag GrooveLine, ceol raic le hionstraimiú láidir agus teacht i láthair iontach, bríomhar le seó beo den chéad scoth ar stáitse.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Gníomhaíocht | |
Seánra | Rac-cheol, func, ceol hip hap, snagcheol agus ceol traidisiúnta na hÉireann |
“ | Is as cúlra ceoil an-éagsúil ar fad iad GrooveLine, is seisreád il-seánra iad a chumann ceol den scoth i mbealach iontach réabhlóideach agus draíochtúil le focail a chuirfidh faoi gheasa thú. Deirtear go bhfuil a dtaispeántais thar a bheith ilghnéitheach, ag nascadh rac-cheol le séis-cheol eile chun taispeántas beo thar a bheith taitneamhach a chur le chéile
—Hot Press Magazine |
” |
Bhí ar lucht Whelan's, BÁC, gig de chuid GrooveLine in 2022 a athlonnú toisc éileamh ró-mhór a bheith ar na ticéid.[1]
Gradaim
cuir in eagarThuil an t-amhrán Deis Dall ainmniúcháin do GhrooveLine ag Gradaim NÓS 2020 sna catagóirí Amhrán na Bliana agus Ealaín na Bliana araon.[2] Tá ainmniúcháin faighte acu freisin i gcomhair an teidil mar Nuíosach na Bliana.[3][2]
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Físeán ceoil: Let Loose Let Go
- Léirmheas ar a ngig mór sa Grand Social (2023)
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Grooveline". Whelan's. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Nollaig 2022. Dáta rochtana: 08 Bealtaine 2024.
- ↑ 2.0 2.1 "Gradaim NÓS 2020". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 09 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 20 Aibreán 2024.
- ↑ "Gradaim NÓS 2019". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 09 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 20 Aibreán 2024.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |