Fite Fuaite (ceol)
Is oíche cheoil é Fite Fuaite a bhíonn ag díriú isteach "ar cheol nuálach, ar thionscadail cheoil atá ar an imeall nó ar bheo-léirithe atá giota níos radacaí, más maith leat. Ach go príomha, tá muid ag díriú ar cheol bríomhar a spreagann daoine a bheith ag smaoineamh, ag bogadh agus ag damhsa."[1]
Cineál | sraith ceolchoirmeacha |
---|---|
Suíomh | Béal Feirste, Northern Ireland |
Tír | Éire |
Seánra | rapáil, rac-cheol, ceol leictreonach, ceol turgnamhach, popcheol, func, punc-rac, ceol domhanda, ceol tíre traidisiúnta agus reigé |
Bíonn sé ar siúl go rialta in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus is minic é mar bhuaicphointe ar chlár féilte amhail Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, agus Liú Lúnasa.[2][3]
Bíonn raidhse seánraí ceoil le cloisteáil ann ón hip hap go rac go leictreonach go ceol trialach ar fad agus neart eile nach iad.[1][2] Is i nGaeilge a bhíonn formhór den cheol ach bíonn teangacha eile le cloisteáil freisin scaití, amhail an Nachuáitlis ón ngeabaire Terraplen MC arbh as Guadalajara dó.[1]
Ar na bannaí atá tar éis casadh mar chuid de na ceolchoirmeacha seo tá an rapaire Súil Amháin, an léiritheoir nuálach Robert Mulhern, an banna il-seánra GrooveLine, Bréag, IMLÉ x Róisín Seoighe, Na Shan Vans, agus neart eile.[1][4][3]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 "Astacaigh Mheicsiceo ‘Fite Fuaite’ le scoth an cheoil Gaeilge i mBéal Feirste". NÓS (25 Deireadh Fómhair 2023). Dáta rochtana: 22 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ 2.0 2.1 "Fite Fuaite" (en ⁊ ga). Belfast International Arts Festival (13 Lúnasa 2024). Dáta rochtana: 22 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ 3.0 3.1 "FiTe FuAiTe | @SSMR25 – Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain". mhicreachtain.com. Dáta rochtana: 22 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ "Ceardlann do chumadóirí amhrán, céilí ar an gCeathrú Rua agus Gáire as Gaeilge". Tuairisc.ie (18 Deireadh Fómhair 2024). Dáta rochtana: 22 Deireadh Fómhair 2024.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |